Cuairteoirí ó Eanáir 2012
|
|
 |

|
Is iad cuspóirí ‘Gaeilge Locha Riach’ ná forbairt na Gaeilge in Oirthear na Gaillimhe; an Ghaeilge a chur ar fáil do mhuintir an cheantair agus seirbhísí Gaeilge d’achan sórt a bhaint amach do mhuintir na háite.
Tá spéis ar leith againn i soláthar agus buanú Gaeilge don aos óg agus le tacaíocht a thabhairt do fhoghlaimeoirí agus do theaghlaigh a bhfuil páistí s’acu ag foghlaim Gaeilge.
|
Tá ballraíocht oscailte do ghrúpaí eile sa cheantar a bhfuil spéis acu i bhforbairt na Gaeilge. Iarraimid ar pháirtnéireacht le grúpaí agus eagraíochtaí eile inar fhéidir ár gcuspóirí a chur chun cinn.
Tá réimse leathan seirbhísí curtha ar fáil againn leis an Ghaeilge a chothú is a spreagadh:
- Táimid gníomhach i gcúrsaí oideachais ag leibhéil éagsúla: ag tacú le réamhscoileanna, Gaelscoileanna, úsáid na Gaeilge i scoileanna náisiúnta is sna meánscoileanna, seirbhísí iarscoile, dianchúrsaí, campaí samhraidh, ranganna oíche agus ciorcail comhrá.
- Tá ‘Gaeilge Locha Riach’ lárnach i ngníomhaíocht pobail; ag eagrú imeachtaí éagsúla l’eagraíochtaí difriúla, cumainn óige, ceolchoirmeacha, seisiúin ceoil, ciorcail amhránaíochta, oícheanta sóisialta, féiltí, léachtanna poiblí, imeachtaí do pháistí agus do theaghlaigh.
- Bíonn comhoibriú leanúnach ar siúl leis na húdaráis áitiúla, grúpaí cultúrtha, oidhreachta, stairiúla is eile ó gach aoisghrúpa, idir óg is aosta leis an Ghaeilge a chur chun cinn.
- Tacaíonn ‘Gaeilge Locha Riach’ le grúpaí gnó leis an Ghaeilge a spreagadh sa cheantar; ag cothú comhthaíocht agus páipéarachas dhátheangach, comórtais fuinneoga agus muid ar fáil le comhairle a thabhairt i gcónaí.
|
|
|