Spraoi an tSamhraidh
Lúnasa '09
Bhí go leor craic agus spraoi ag an champa samhraidh i mBaile Locha Riach arís i mbliana. Gan amhras, bhain suas le dá scór daltaí sult iontach as an champa a bhí ar siúl idir 10 agus 14 Lúnasa ag Gaelscoil Riabhach sa bhaile.
Bhí an campa eagraithe ag Gaeilge Locha Riach agus maoinithe ag Foras na Gaeilge. Bhí Caitríona Ní Ríordáin mar stiúrthóir ar an chúrsa agus ceannairí breise ag obair léi i rith na seachtaine; Elaine De Faoite agus Nóra Ní Fhlannagáin. Caithfidh a rá go raibh neart spraoi ag gach uile duine ina raibh cluichí, spórt, ról-imirt, ealaín, ceol, amhránaíocht, drámaíocht agus a lán eile ar siúl acu le linn an champa.
Mar aon leis an mhéid sin, tháinig go leor cuairteoirí chuig an champa le ceardlanna speisialta a eagrú. Bhí Úna Ní Fhlannagáin i mbun ceardlann ceoil is damhsa ar an tsean-nós agus bhí ceardlann ealaíona faoi stiúir Áine Uí Fhlannagáin. Bhí ceardlann iontach maith acu agus iad i mbun cócaireachta le Gabrielle Uí Ríordáin, ag déanamh pancóga is cistí milse. Caithfidh a rá go raibh béim iontach curtha ar chúrsaí spóirt le linn an champa agus cuireadh spéis faoi leith sa cheardlann iomána le Brian Mahony.
Bhí turas breá eagraithe go speisialta go Gairdín Bhríde, Ros Cathaill, Maigh Cuilinn. Cuireadh fáilte Uí Cheallaigh rompu ansin agus iad tugtha ar chamchuairt thart ar na gairdíní galánta ann. Bhí picnic beag ag na páistí ansin agus deis acu gabháil ag iascaireacht, cluichí éagsúla a imirt agus sult a bhaint as dea-aimsir an lae.
Caithfidh a rá go raibh freastal breá fairsing ar an champa. Cuireadh fáilte ar leith roimh an teaghlach Mhic Chonmidhe as Béal Feirste agus roimh mhuintir Uí Chiardhubháin as Tiobráid Árainn. Cinnte, tháinig formhór na bpáistí ón cheantar mórthimpeall.
Faraor, bhí seans ag tuismitheoirí is cairde sult a bhaint as seó den scoth a d’eagraigh na daltaí mar chlabhsúr ar an champa. Ba léir gur bhain cách sult as an amhránaíocht, an damhsa is drámaíocht an tseó. Seá, craic go leor ag an champa....cheana féin, tá daoine ag caint faoi ‘Campa Samhraidh 2010’! |



|
 |
Campa Samhraidh
Tá campa samhraidh ar siúl anois le hocht bhliain as a chéile i mBaile Locha Riach. Tá sé mar aidhm ag an champa go mbeidh páistí ábalta Gaeilge a fhoghlaim in atmaisféar súgartha. Bíonn múinteoirí cáilithe i gceannas ar na campaí agus iad i mbun cluichí, ról-imirt, ealaín agus a lán eile; rudaí a chuireann go mór le sult a bhaint as an Ghaeilge a fhoghlaim.
Bíonn coibhneas múinteoir/dalta íseal, rud a chinntíonn go gcuirtear béim ar chúram na ndaltaí. Ar ndóigh, cuirtear lacáistí beaga ar fáil dóibh siúd ag teach ó theaghlach amháin. Bíonn éileamh iontach ar na campaí seo agus moltar do thuismitheoirí áiteanna a chur in áirithe in am.
|