Cumann Óige ar an Aer.
Aibreán 2009
Bhí deis iontach tugtha do Chumann Óige Locha Riach sraith ceardlanna speisialta a eagrú le deireannas nuair a tháinig Máirtín Davy Ó Coistealbha chucu. Bhí an craoltóir le RTÉ RnaG ag obair leis an ghrúpa thar thréimhse míosa le scileanna raidió a theagasc dóibh.
Ba mhór an taithí a bhain siad as na ceardlanna raidió seo agus iad uilig ag foghlaim na scileanna eagsúla bainte le clár raidió a chur le chéile. Leagadh an-béim ar cur i láthair agus cumas clár a láithriú go soiléir.
D’fhoghlaim siad go leor fá chlár a chruthú agus an tábhacht a bhain le script ceart a bheith ullmhaithe roimh ré.
Mar aon leis an mhéid sin, cuireadh ar an eolas iad fá stair an raidió, fá na teicnící taifeadta agus an dóigh ar tháinig forbairt ar an teicneolaíocht thar na blianta.
Bhí sé de bhuntáiste ag na daoine óga go raibh Máirtín Davy ar fáil le hiad a stiúradh agus comhairle a chur ar fáil i rith an ama. Mar a tharlaíonn sé, tá taithí 35 bliain aige i mbun craoltóireachta ar an raidió agus thaifead sé a chéad chlár riamh don raidió ar na Spailpíní i mBaile Locha Riach. Cinnte, tá go leor taistil is taifid déanta aige ó shin agus bhí sé breá sásta an t-eolas a roinnt leis na daoine óga i mBaile Locha Riach.
Fá láthair, tá eagarthóireacht a dhéanamh ar an clár raidió a scríobh is a láithrigh na daoine óga iad féin i gcomhar le Máirtín Davy agus gach seans go mbeidh blúiríní beaga le cloisteáil ar na haerthonnta go luath.
Ar ndóigh, tá Cumann Óige iontach buíoch do Fhoras na Gaeilge, do Comhar Creidmheasa Naomh Breandáin agus do ‘Gaeilge Locha Riach’ a thacaigh go mór leis an tionscadal seo a chur i gcrích. Tá súil acu go mbeidh siad ábalta tógail ar na scileanna seo agus a thuilleadh cláracha a chur le chéile sna blianta amach rompu. |




|
Dráma Óige ar DVD.
Bealtaine 2009
Ba mhaith le Gaeilge Locha Riach comhghairdeas a ghabháil le Cumann Óige Locha Riach as éacht a chur i gcrích i mbliana.
I mbliana, bhí an Cumann Óige ag comhoibriú le ‘Branar’ agus ceardlanna dramaíochta eagraithe ar bhun seachtainiúil i gComhar Creidmheasa Naomh Breandáin. Ní amháin go raibh na ceardlanna drámaíochta ar siúl acu ach rinneadh clár faisnéise a thaifeadadh ar DVD agus iad ag ullmhú dráma don staitse mar chuid de ‘Féile Raifteirí’.
Bhí go leor oibre i gceist ag na déagóirí agus iad ag ullmhú dráma beag don stáitse mar chuid de Cheolchoirm na n-Óg a bhí ar siúl le linn ‘Féile Raifteirí’. Bhí dráma s’acusan bunaithe ar dán de chuid Raifteirí, ‘An Tailliúir Drúisiúil’, agus rinne na déagóirí léiriú dá gcuid féin ar scéal an dáin.
Le linn dóibh a bheith ag ullmhú is ag obair ar an dráma, bhí dream eile ina measc ag foghlaim scileanna eile agus clár faisnéise a thaifeadadh acu ar DVD. D’fhoghlaim siad go leor fá láithriú cláir, fá agallamh a dhéanamh, conas ceamara a úsáid, tábhacht fuaime is soilse mar aon le scileanna eile bainte le clár teilifíse a dhéanamh.
Tháinig breis is dhá chéad caoga duine le chéile le haghaidh Cheolchoirm na n-Óg le linn Féile Raifteirí áit ar léirigh an Cumann Óige an dráma ar ardán in Óstan Locha Riach. D’éirigh go hiontach leo agus is cosúil gur bhain teaghlaigh, cairde is cuairteoirí an-sult as an ghearrdhráma.
Tá an Cumann Óige iontach buíoch do Fhoras na Gaeilge a thacaigh leis an obair seo ar fad i mbliana agus a bhuíochas ag gabháil le Elaine Scahill ó ‘Branar’, agus do Chónall Mac Eochagáin (Fear Ceamara) a thug treoir is comhairle do na déagóirí thar roinnt míosa. Cinnte, tá buíochas tuillte ag an chomhar creidmheasa a chur an halla ar fáil dóibh. Tá eagarthóireacht a dhéanamh ar an DVD fá láthair agus tá súil ag an Cumann Óige ócáid speisialta a eagrú go luath lena thaispeáint go poiblí. |