




|
Lá Fhéile Pádraig
Márta 2010
Agus ‘Bliain Idirnáisiúnta Bithéagsúlachta’ a cheiliúradh i 2010, bhí ‘Ár Nádúr’ roghnaithe mar théama. Cinnte agus éagsúlacht breá beatha le feiceáil thart timpeall ar Bhaile Locha Riach, bhí ceiliúradh déanta ar an téama ar dhóigheanna éagsúla.
Bhí Paidí Ó Lionáird, TG4 go hiontach mar fhear a’ Tí le linn na hócáide chomh maith agus choinnigh sé na sluaite in ard-iúmar. Bhí ceol iontach ag Comhaltas Ceoltóirí Éireann ón stáitse chomh maith le linn cheiliúradh mhór phoiblí déanta ag breis is caoga grúpa pobail is gnó. Creidtear go raibh an paráid ar cheann de na cinn is mó le blianta beaga anuas.
As ucht a dtacaíocht ar son an Pharáid, gabhann ‘Coiste Fhéile Pádraig’ buíochas le Gaeilge Locha Riach, Coiste Ghlór na nGael, Comhairle Bhaile Locha Riach, Baile Locha Riach (Taisteal níos Cliste) [Loughrea Smarter Travel initiative], Comhar Creidmheasa Naomh Breandáin agus Kearys’ Auctioneering and Insurance.
Buíochas fosta do na Gardaí agus Civil Defence Locha Riach as cuidiú a thabhairt do stiúradh an pharáid.
Ar ndóigh, gabhtar buíochas le gach uile grúpa páirteach agus duais bronnta ar rannpháirtithe, rud a léirigh gur buaiteoir gach duine. Mar aon leis sin, bronnadh teastais ar ghrúpaí a spreag is a chothaigh ‘taisteal níos cliste’ in ionad a bheith ag brath ar an ghluaisteán i gcónaí.


|
Réaltaí Locha Riach
Márta 2009
Agus Bliain Idirnáisiúnta Réalteolaíochta a cheiliúradh i 2009, roghnaíodh ‘réaltaí’ mar théama Pharáid Fhéile Pádraig. Cinnte, cuireadh failte roimh ghrúpaí a leaganacha féin a dhéanamh as an téama seo idir réaltaí Hollywood, teilifíse, cartúin, réaltaí spóirt nó réaltaí spéire. Cinnte, bhí go leor réaltaí áitiúla i gceantar Bhaile Locha Riach agus deis acu uile a bheith ag lonnrú faoi spotsholas an Pharáid.
D’éirigh le Coiste Fhéile Pádraig go leor tacaíochta a fhail ón choiste áitiúil de Ghlór na nGael agus ó ‘Gaeilge Locha Riach’, rud a chinntigh gur lá breá gaelach a bhí acu i mBaile Locha Riach.
Bhí breis agus 50 grúpaí pobail páirteach san iomlán, go leor siamsaíochta curtha ar fáil le linn na hócáide. Choinnigh Paidí Ó Lionaird (TG4), fear a’ tí an lae, na sluaite in ard-iúmar. Bhí ceol iontach ag Comhaltas Ceoltóirí Éireann ón stáitse chomh maith. Tugadh ónóir na hócáide do réaltaí spóirt na háite; Iggy Clarke, fear a bhuaigh ceithre All-Stars, Terese Maher, réalt camógaíochta agus do ‘Fortunha’, cú a bhuaigh rás ‘Grand Oaks’ i gCluain Meala i mbliana.
Ós rud é gur mórshiúil don phobal uilig, roghnaíodh duais a bhronnadh ar gach uile grúpa a ghlac páirt. Maise, thiocfadh a rá go raibh an bua ag cách, gur réalt a bhí i ngach duine.
Ag deireadh na hócáide, bhronn Gabriel Burke, (Méara Locha Riach) ‘Bernard’ mar aon le seic € 100 ‘ ar ‘Loughrea Motor factors’ mar bhuaiteoirí ar chomórtas na bhfuinneog.
Caithfidh a rá go raibh Coiste Fhéile Pádraig thar a bheith sásta agus go leor réaltaí áitiúla ag lonnrú i rith an lae.
|




|