|
| |
|
Féile Raifteirí an Phobail!
26-28 Márta 2010
Tá Coiste Fhéile Raifteirí thar a bheith sásta leis an mhéid a cuireadh i gcrích le féile na bliana seo. Cinnte, d’éirigh go hiontach leis na himeachtaí uile thar dheireadh na seachtaine agus ceiliúradh déanta ar tréithe Raifteirí mar Ghael, mar fhile, mar amhránaí agus mar cheoltóir.
Osclaíodh an fhéile go hoifigiúil le seisiún ceoil, amhranaíochta agus filíochta faoin téama ‘Raifteirí... fear conspóideach’. Bhí cuideachta breá filíochta i láthair inár léigh Colette Nic Aodha, Philip Cummings agus Simon Ó Faoláin. Ní amháin sin ach léadh cuid de shaothar Raifteirí is cumadh píosa go speisialta don ócáid agus baill ó ‘Baffle’ i láthair. Ar ndóigh, bhí réimse breá amhranaíochta is ceoil chomh maith agus an seisiún faoi stiúir Nóirín Ní Ghrádaigh, Verena Commins agus Seán Ó Flannagáin.
Leanadh leis an chumadóireacht agus Philip Cummings i gceannas ar cheardlann filíochta i gCúl a’ Tí ina oifigí ‘Gaeilge Locha Riach’. Tháinig scoileanna agus cumainn óige le chéile ag ‘Ceolchoirm na n-Óg’ in Óstán Locha Riach. Tuigtear go raibh siad i mbun cleachtadh agus iad ag ullmhú drámaí le ‘Branar’ agus i mbun ceardlanna amhránaíochta le Treasa Ní Cheannabháin. Bhí seacht ngrúpaí ar fad bainte leis an chuid seo den fhéile agus na céadta sa lucht féachúna. B’iontach go deo na taispeántais éagsúla a léiríodh in ómós Raifteirí idir cheol, amhránaíocht, filíocht agus drámaíocht.
Caithfidh a rá go raibh ceolchoirm mhór na féile i Leabharlann Locha Riach iontach speisialta ar fad agus réimse breá ceoltóirí, amhránaithe, damhsóirí agus filí i lathair: Joe Burke, Ann Conroy-Burke, Charlie Piggott, Marian McCarthy, Manus Maguire, Denis Carey, Catherine Mannion, Úna Ní Fhlannagáin, Seosamh Ó Neachtain, Tommy Healy, Muireann Ní Dhuigneáin, Philip Cummings agus Simon Ó Faoláin. Bhí foireann na leabharlainne agus fear fuaime na hoíche ar fheabhas ar fad agus ba léir gur thaitin an oíche leis an lucht éisteachta uile.
Maidin Dé Domhnaigh, ceiliúradh tréithe spioradálta Raifteirí ag Aifreann na Féile ag a raibh ceol is amhránaíocht den scoth cumtha go speisialta ag Music Matters.
An trathnóna sin, tháinig slua daoine óga le chéile i gCreachmhaoil, áit a rinne siad ceiliúradh ar bhreithlá Raifteirí. Bhí a thuilleadh ceoil is amhranaíochta ann agus ní dhearna siad dearmad ciste milis a thabhairt ach oiread.
Tá Coiste Fhéile Raifteirí iontach bródúil go raibh siad ábalta clár chomh cuimsithsitheach a chur ar fáil do ‘Féile Raifteirí’ arís i mbliana. Ar ndóigh, is de bharr an tacaíocht iontach ó lucht urraithe atá clár chomh leathan curtha ar fáil agus an coiste iontach buíoch dóibh uilig:
An Comhairle Ealaíon, Foras na Gaeilge, Lough Rea Hotel & Spa, Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe, Comhairle Chontae na Gaillimhe, Comhar Creidmheasa Naomh Breandáin, Sunrise Health Store, John Collins Accounting, Il Porcetto, Baffle, Comhaltas Ceoltóirí Éireann, Keary’s Auctioneering, Gaeilge Locha Riach agus Cairde Raifteirí.
Tuigtear go raibh idir seacht agus ocht gcéad duine ag imeachtaí Féile Raifteirí i mbliana agus creidtear gur bhain filí, amhránaithe, ceoltóirí, aisteoirí agus pobal uile an cheantair sult ollmhór as imeachtaí na féile.

|








|












|
Féile Raifteirí 2009 Speisialta!
Dar le Máiréad Ní Mhaonaigh, bhí Féile Raifteirí speisialta i mbliana agus is cinnte go bhfuil neart daoine ar aon intinn léi. Rinneadh ceiliúradh is comóradh den scoth ar na tréithe éagsúla a bhí ag Raifteirí agus aird ar leith tugtha dá bhuanna ealaíonta; i. Bua na filíochta is na scribhneoireachta, bua na hamhránaíochta idir traidisiúnta is ar an sean-nós, bua na fidléireachta is an ceoil go ginearálta.
Chuir Máirtín Davy Ó Coisdealbha, craoltóir ó RTÉ RnaG, tús leis an fhéile go hoifigiúil sular thosaigh Éamonn Ó Broithe ar chaint ar Raifteirí ‘Is sinne na pócaí folamha’ a thóg go leor ábhair machnaimh do dhaoine ar na tréithe a bhain leis an fhile ildánach. Is léir go bhfuil sé i gcumas Raifteirí go leor conspóide a thógáil go fóill. Bhí cuideachta breá bailithe don ócáid agus d’fhan an comhluadar le haghaidh seisiún amhránaíochta is ceoil agus Seán Ó Flannagain, Déaglán Ó Doibhlin is Aoibheann Ní Chonghalaigh ina gcuideachta.
Bhí ceardlanna éagsúla eagraithe i rith an tSathairn; ceardlann amhránaíochta faoi stiúir Treasa Ní Cheannabháin, ceardlann filíochta faoi stiúir Louis De Paor agus bhí Paul O Shaughnessy is Aoibheann Ní Chonghalaigh i gceannas ar na ceardlanna fidil. Is cinnte gur tugadh spreagadh speisialta do scríbhneoirí, amhránaithe is ceoltóirí le linn na ceardlanna seo.
Trathnóna Dé Sathairn, tháinig slua mór le chéile le freastal ar Cheolchoirm na n-Óg faoi stiúir Una Ní Fhlannagáin mar bhean a’ tí ina raibh Scoil Náisiúnta Chillínín, Scoil Náisiúnta Chreachmhaoil, Gaelscoil Riabhach, Cumann Óige Locha Riach agus Buíon Óg CCÉ uilig páirteach. Chuir na daltaí seó speisialta ar siúl ina raibh amhránaíocht, filíocht, ceol agus drámaí. Is cinnte gur bhain idir thuismitheoirí, cairde agus lucht féachana ard sult as siamsaíocht uile na ceolchoirme.
Bhí ceol, amhráin is filíocht is damhsa d’ardchaighdeán curtha ar fáil le linn Cheolchoirm Mhór na Féile ina raibh Máiréad Ní Mhaonaigh, Manus Lunny, Joe Burke, Ann Conroy Burke, Louis De Paor, Paul O’Shaughnessy, Tristen Rosenstock agus Seosamh Ó Neachtain páirteach. Bhí Antaine Ó Faracháin mar Fhear a’ Tí ar an ócáid agus scoth na siamsaíochta curtha ar stáitse le linn na hoíche. Mhothaigh an lucht éisteachta gur pribhléid a bhí ann a bheith i láthair.
Maidin Dé Domhnaigh, léamh aifreann i nGaeilge in Otharlann Naomh Breandán áit a tógadh ómós is urraim do na dánta spioradálta a chum Raifteirí. Rinneadh ócáid ceiliúrtha den aifreann fosta agus bhí cuid de na hothair féin ag damhsa le críoch an aifrinn is ceoltóirí CCÉ ag bualadh ceoil.
Tráthnóna Dé Domhnaigh, tugadh cuairt ar Reilig na bhFilí i gCillínín, áit a bhfuil Raifteirí curtha agus tógadh ómós is ónóir dó taobh lena uaigh. Thionóladh an cuideachta le cheile i dTeampall Mháirtín, i gCreachmhaoil le leanstan leis an cheol is na hamhráin i gcomhar le Cormac Ó Beaglaoich is Tim Lyons.
Cuireadh clabhsúr le Féile Raifteirí i mbliana lena thuilleadh amhráin, filíochta is ceoil. Tháinig ceardlann amhránaíochta le chéile faoi stiúir Antaine Ó Faracháin sular thosaíodh ar chiorcal ceoil, amhránaíochta is filíochta. Bhí Eilish O’Connor agus Máire O’Keeffe i measc na ceoltóirí agus an seisiún eagraithe i gcomhar le Baffle agus Comhaltas Ceoltóirí Éireann. Caithfidh a rá go raibh éagsúlacht bhreá idir amhráin is dánta nua-cumtha agus aithris ar fhilíocht Raifteirí, amhránaíocht agus ceol na hoíche.
Ar ndóigh, bhí coiste na féile thar a bheith bródúil ‘Féile Raifteirí’ a thabhairt ar ais le clár chomh cuimsithsitheach i mbliana. Creidtear go raibh suas le ocht gcéad duine ag freastal ar na himeachtaí éagsúla na féile agus an t-ádh ag muintir Locha Riach talann na hÉireann a mhealladh chucu. Gabhann an coiste a buíochas le liosta na n-urraithe a bhí ag tacú leis an fhéile: i. An Comhairle Ealaíon, Foras na Gaeilge, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Lough Rea Hotel & Spa, Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe, Comhairle Chontae na Gaillimhe, Comhar Creidmheasa Naomh Breandáin, Sunrise Health Store, John Collins Accounting, Baffle, Comhaltas Ceoltóirí Éireann, Conradh na Gaeilge, Gaeilge Locha Riach agus Cairde Raifteirí. |
| |
|
|
 |
Féile Raifteirí 2008
Breithlá Raifteirí a bhí ann 30 Márta 2008. Dá mbeadh sé beo anois, bheadh sé 229 bliain d’aois inniu. Fiú, má tá a chorp leagtha sínte san uaigh, is cinnte go bhfuil a spiorad breá bríomhar sa tír go fóill.
Bhí comóradh iontach leagtha amach in ómós Raifteirí le linn ‘Féile Raifteirí’ i mBaile Locha Riach thar dheireadh na seachtaine le linn a bhreithlá. Rinneadh ceiliúradh den scoth ar na tréithe éagsúla a bhí ag an fhile ildánach agus aird ar leith tugtha dá bhuanna ealaíonta; i. Bua na filíochta is na scribhneoireachta, bua na hamhránaíochta idir traidisiúnta is ar an sean-nós, bua na fidléireachta is an ceoil go ginearálta.
D’oscail an fhéile go hoifigiúil le Seosamh Mac Donncha, Príomhfheidhmeannach Choiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe. Is cosúil go raibh díoma air nach mbeadh sé ábalta fanacht le haghaidh na n-imeachtaí ar fad: i. ceardlanna ag díriú ar an fhilíocht, ar an fhidléireacht, ar scríobh scripteanna scannáin, ar agallamh beirte is lúibíní, ar an amhránaíocht traidisiúnta is ar an tsean-nós agus ar chumadh na n-amhrán fosta. Bhí ciorcail amhránaíochta, seisiúin ceoil is filíochta, léacht ar shaol is ar shaothar Raifteirí agus clabhsúr leis an fheile le ceolchoirm mhór. Mhol sé liosta na n-urraithe a bhí ag tacú leis an fhéile rud a chuireann i gcumas an choiste eagraithe clár thar a bheith leathan a chur ar fáil: i. An Comhairle Ealaíon, Foras na Gaeilge, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe, Comhairle Chontae na Gaillimhe, Comhar Creidmheasa Naomh Breandáin, Baffle, Comhaltas Ceoltóirí Éireann, Conradh na Gaeilge is Gaeilge Locha Riach.
Caithfidh a rá go raibh suas le seacht gcéad duine ag freastal ar imeachtaí éagsúla na féile agus an t-ádh ag muintir Locha Riach talann na hÉireann a mhealladh chucu. Bhí ceardlanna amhránaíochta iontach ag Seán Mac Aindreasa agus Meaitie Jó Shéamuis Ó Fatharta. Dhírigh Rónán Ó Snodaigh ar chumadh na n-amhrán i nGaeilge agus spéis ar leith ann go cinnte. Tugadh spreagadh d’ábhair scríbhneoirí le linn na ceardlanna ag na scríobhaithe aitheanta Louis De Paor agus Ré Ó Laighléis. Rud úrnua do mhuintir na háite blaiseadh a fháil ar luibíní is ar agallamh beirte leis na máistrí, Éamonn Ó Donnchadha is Fearghas Mac Lochlainn, agus ceardlann eagraithe do dhaoine óga. Gan amhras, bhí rogha bhreá ag fidléirí an cheantair agus ceardlanna faoi stiúir Breda Keville, Paul Bradley agus Paul O Shaughnessy.
Mar aon leis na himeachtaí lae seo, léamh aifreann i nGaeilge in Otharlann Naomh Breandáin agus aird tugtha do dhánta spioradálta an fhile.
Bhí imeachtaí oíche d’ardchaighdeán curtha ar fáil le linn na féile chomh maith agus ciorcal amhránaíochta is filíochta eagraithe ar an Aoine i gcomhar le Baffle agus Comhaltas Ceoltóirí Éireann. Bhí éagsúlacht bhreá idir dánta nua-cumtha agus aithris ar fhilíocht Raifteirí, amhránaíocht agus ceol na hoíche.
Thosaigh tráthnóna an tSathairn le léargas iontach tugtha ar shaol is ar shaothar Raifteirí ag an saineolaí, Ciarán Ó Coigligh. Chothaigh a léacht is a treoir ábhair machnaimh is cainte dóibh siúd bailithe. Léirigh Cleamairí Locha Riach seó speisialta ar Raifteirí sa chomharsanacht agus lean seisiún ceoil faoi stiúir Colm agus Finbarr Naughton go na huaireanta beaga.
Caithfidh a admháil go raibh go leor aoínna speisialta ar an chlár. Mar clabhsúr na féile, bhí ceolchoirm mhór in ómós Raifteirí eagraithe dá bhreithlá Domhnach 30 Márta agus lucht stiúrtha na ceardlanna mar aon le réimse eile ag glacadh páirte, ina measc: Joe Burke is Ann Conroy Burke, Charlie Lennon, Claire Keville, Terence O’Reilly, Tim Collins is Claire Griffin, Verena Commins, Seosamh Ó Neachtain, Mairéad Ní Fhlatharta agus Síle Ní Fhatharta.
Bhí idir cheol, amhránaíocht, filíocht, agallamh beirte ar Raifteirí is damhsa ar an sean-nós mar ábhar ceiliúrtha.
Ag labhairt ar an oíche, mhol Joe Burke an ceiliúradh cultúrtha, gur maith go bhfuil a leithéid de ‘Féile Raifteirí’ againn, gurbh ionann ár gceiliúradh ar thréithe Raifteirí agus comóradh ar ár mbuanna cultúrtha ar fad. Ghuigh sé gach rath ar an fhéile agus é ag súil go mór breithlá Raifteirí a cheiliúradh arís is arís eile.
|
|
|