Baile Locha Riach i mBéal Feirste
Márta 2010
I gComórtas Ghlór na nGael, ba é ‘An Droichead, Deisceart Bhéal Feirste’ a bhuaigh an phríomhdhuais i mbliana agus bronnadh na duaiseanna uile in Halla na Cathrach, Béal Feirste 20 Márta le deireannas.
Caithfidh a rá go raibh muintir Locha Riach iontach bródúil go raibh siad i measc na buaiteoirí arís. Bronnadh duais Chomhairle Chontae na Gaillimhe ar Choiste Ghlór na nGael, Baile Locha Riach, duais ar fiú € 1,500.
Dúirt na moltóirí go raibh sárobair déanta ag an choiste seo le suirbhé ar Úsáid an Gaeilge sa cheantar a chur i gcrích i gcomhpháirtnéireacht le Gaeilge Locha Riach, Comhairle Chontae na Gaillimhe agus Acadamh na hOllscoile, Gaillimh. Tugadh moladh faoi leith dóibh as ucht an chomhoibriú leanúnach le grúpaí pobail, gnó is leis na húdaráis áitiúla.
Dúirt Ali Mac Aindreasa, Cathaoirleach an Choiste, go raibh gach duine bainte le Glór na nGael bródúil as an duais seo a fháil:
“Cinnte, aithníonn an duais seo go bhfuil an Ghaeilge á neartú i mBaile Locha Riach agus cuireann sé dúshlán romhainn tógáil ar an obair in Oirthear na Gaillimhe.”
|


|
Baile Locha Riach ina mBuaiteoirí arís Aibreán 2009
Ba é Gaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall a bhuaigh an phríomhdhuais i mbliana agus bronnadh na duaiseanna uile ann 28 Márta.
Caithfidh a rá go raibh muintir Locha Riach iontach bródúil go raibh dhá dhuais bronnta orthu; Duais COGG as an obair atá a dhéanamh acu le scoileanna uile an cheantair agus Duais Chló- Iar Chonnachta as an léitheoireacht a spreagadh i measc phobal na háite.
Dúirt Ali Mac Aindreasa, Cathaoirleach an Choiste, go raibh sé thar a bheith tógtha an t-aitheantas breise seo a fháil:
“Cinnte, is iontach an rud a bheith aitheanta i measc bhuaiteoirí Ghlór na nGael arís. Aithníonn na duaiseanna seo go bhfuil gluaiseacht ghaelach ghníomhach á neartú i mBaile Locha Riach.” |