Is fearr focal maith….
D’eagraigh Gaeilge Locha Riach tráthnóna speisialta i gcomhar le JFK Signs ar mhaithe le comhghairdeas a ghabháil le lucht gnó an bhaile as íomhá gaelach a chothú le linn Sheachtain na Gaeilge.
Tugadh faoi deara go raibh 11 gnó éagsúla curtha ar an ghearrliosta as ucht a n-iarrachtaí Gaeilge a bheith feiceáileach le linn an tréimhse sin.
Ghlac Pádraig Ó Baoill, Gaeilge Locha Riach, an deis siopadóirí agus lucht gnó an bhaile a spreagadh i dtreo scéimeanna Foras na Gaeilge a úsáid l’íomhá gaelach a neartú sa bhaile. Chuir sé síos ar an tacaíocht atá ar fáil maidir le comharthaíocht, stáiseanóireacht agus suíomhanna idirlíne a fhorbairt. Léirigh sé go raibh deis ag gnónna leas a bhaint as na deontais atá ar fáil ar bhun náisiúnta. |
|
Bhí Pat Loughnane, Cathaoirleach Cumann Tráchtála Bhaile Locha Riach, lán sásta a bheith i láthair agus luaigh sé go raibh sé tugtha fá deara ag cuairteoirí go raibh íomhá breá gaelach le feiceáil anois i mBaile Locha Riach agus 24 ionaid ina raibh comharthaíocht i nGaeilge feiceáileach. Threisligh sé an dul chun cinn suntasach seo, buanna Ghlór na nGael bainte ag an bhaile agus dóchas aige go dtógfar ar an obair.
Mar chuid den ócáid, bronnadh seanfhocail speisialta ar na gnónna uile ar an ghearrliosta:
|
Hill’s Footwear: |
“Is cuma le fear na mbróg cá gcuireann sé a chos.” |
Shane ‘The Barber’: |
“Níl aon gruagaire mar do ghruagaire féin.” |
Siopa Broderick’s/Nuachtánaí: |
“Scéal a tharraingíonn scéal.” |
An Teach Beag/ Tábhairne: |
“Is túisce deoch ná scéal.” |
Little Expectations: |
“Mol an óige agus tiocfaidh sí.” |
Fare Green Foods/Caife: |
“Marbh ag tae agus marbh gan é.” |
Hope’s Bakery: |
“Is fearr leathbhullóg ná bheith gan arán.” |
Martin Fahy’s/Siopa Éadaí: |
“Is é an duine an t-éadach.” |
Loughrea School and Office Supplies: |
“Ní ualach ar bith an léann” |
Comhar Creidmheasa Naomh Breandán: |
“Go méadaí Dia do stór.” |
Loughrea Motor Factors: |
“Go n-éirí an bóthar leat.” |
Faraor, chuaigh gach gnó abhaile lán-sásta lena gcúpla focail féin. |