Teagmhálaí
gaeilge Locha Riach
English
     
 
Imeachtaí

maidir linne
nuacht
le teacht
cumann óige
ranganna
glór na nGael
gnó
campaí samhraidh
seachtain na gaeilge
lé fhéile pádraig
féile Raifteirí
Oidhreacht/ Stair
imeachtaí

Suirbhé  
lth2 lth3
lth4 lth5
lth6 lth7
lth8 lth9
lth10 lth11
lth12 lth13
lth14  

Seó Beo ‘Gugulaí Gug’

Bhí ceolchoirm speisialta eagraithe do theaghlaigh sa Gaelscoil,  Scoil Uí Cheithearnaigh, Béal Átha na Slua Dé Domhnaigh 27 Aibreán ag 3.00 i.n.

Beidh an seó seo mar léiriú beo bríomhar ar an leabhar ‘Gugulaí Gug’ atá ar cheann de na foilseacháin is mó díol i nGaeilge le roinnt blianta anois.

Ní amháin go raibh Tadhg Mac Dhonnagáin ar stáitse ach bhí cuideachta clainne aige ó Éabha, Tadhg Óg agus Róise, rud a chur go mór le cur i láthair na n-amhrán is na rannta éagsúla. Tugadh blaiseadh don lucht éisteachta ar a raibh ar fáil ó Futa Fata agus neart de na páistí ag damhsa is i mbun spraoi le linn na ceolchoirme.

Gan amhras, bhí áthas ar Gaeilge Locha Riach fáilte a chur roimh mhuintir Mhic Dhonnagáin is a chlann a theacht leis an cheolchoirm bríomhar a léiriú.

Cinnte, bhain na teaghlaigh ar fad a bhí i láthair an-sult as an Seó Beo ‘Gugulaí Gug’ agus is cosúil go mbeidh cuireadh tugtha dóibh teacht ar ais arís chuig an chomharsanacht gan mórán moille