Teagmhálaí
gaeilge Locha Riach nuacht
English
     
 
Nuacht

maidir linne
nuacht
le teacht
cumann óige
ranganna
glór na nGael
gnó
campaí samhraidh
seachtain na gaeilge
lé fhéile pádraig
féile Raifteirí
Oidhreacht/ Stair
imeachtaí

   

Baffle le Gaeilge arís

Deireadh Fómhair '09

Gabhann ‘Gaeilge Locha Riach’ comhghairdeas le Coiste ‘Baffle’ agus an 13ú féile ceiliúrtha acu i mBaile Locha Riach ar na mallaibh. Gan amhras, a bhuíochas le Foras na Gaeilge agus Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe, bhí na gnéithe gaelacha go mór chun tosaigh arís san fhéile.
D’oscail Caoimhe Ní Chonchoille, Nuacht RTÉ & TG4, an fhéile go hoifigiúil agus í i láthair le duaiseannaa bhronnadh ar ‘Bafflóirí Óga’ chomh maith.
I mbliana, d’éirigh leis an choiste comórtais éagsúla a eagrú do bhunscoileanna agus do mheánscoileanna. Bhí an-spéis sa chomórtas filíochta do bhunscoileanna agus beagnach céad dán curtha isteach. Bhí comórtas speisialta eagraithe acu do lucht meánscoile ina raibh ceistneoir le líonadh i nGaeilge bunaithe ar suíomh idirline na heagraíochta agus comórtas ‘Bebo’ leis. Arís, chonacthas go raibh suim nach beag ina leithéid chomh maith.

Roghnaíodh téama ar leith le haghaidh an phríomhchomórtas i gcuimhne dornalaí clúiteach a rugadh fadó sa 19ú haois i mBaile Locha Riach, Micheál Farrell. Cinnte, tháinig daoine ó na ceithre hairde le bheith páirteach sa chomórtas céanna. Ar ndóigh, glacadh le dánta i nGaeilge agus i mBéarla agus bhí dán den scoth ag Michael Coy ó Chreachmhaoil sa bhabhta ceannais. Tuigtear gur thainig ionspioráid filíochta chuige agus é ina luí ar leaba oispidéil is é go dona tinn. Seá... agus é ina luí sa díog, bhí sé ag breathnú ar na réaltaí.
Bhí aíonna speisialta ag ‘Baffle’ le linn na féile dheireadh seachtaine. Ina measc siúd, bhí an t-ádh dearg ar an choiste Gearóidín Bhreathnach ó Thír Chonaill a mhealladh go Baile Locha Riach le siamsaíocht speisialta a chur ar fáil mar chuid de clabhsúr na féile. Ní amháin go bhfuil clú is cáil ar Gearóidín Bhreathnach mar amhránaí ar an tsean-nós is Corn Uí Riada buaite aici faoi dhó ach tá bua na scéalaíochta aici chomh maith. Léirigh sí na buanna céanna go héifeachtach ag an ócáid mhór in Óstan Locha Riach. Chas sí roinnt amhrain don slua mhór bailithe... Na Buachaillí Álainn, An Mhaighdean Mhara, An Baitsiléir agus Buachaill ón Éirne ina measc. Faraor, bhí an halla ar fad ag canadh léi ar uairibh agus bhain cách an-sult as scéalta na n-amhráin.
 
Dúirt Siún Uí Dhomhnaill, urlabhra Baffle, go raibh an coiste iontach sásta leis na himeachtaí gaelacha i mbliana agus ghabh sí buíochas speisialta do Foras na Gaeilge agus Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe as an urraíocht a thug siad dóibh.

Bafflóir Óg na Bliana

Mná Thír Chonaill

 

Naíonáin ag canadh

Damhsa Scuaibe

Ceoltóirí Riabhacha

Seó na Samhna ‘09.

Deireadh Fómhair '09

Don dara bhlian as a chéile, líonadh an halla le timpeall 500 duine ag Seó Samhna Ghaelscoil Riabhach i mBaile Locha Riach roimh bhriseadh lár-théarma ar na mallaibh. Ceiliúradh a bhí sa Seó seo ar athbhliain na gCeilteach agus ba léir go raibh pobal na scoile uile rann-phairteach ann.
Ba léir go raibh na daltaí faoi stiúir na múinteoirí ar feadh roinnt seachtaine agus dian-obair déanta ag gach duine leis an Seó speisialta seo a léiriú. Ní amháin sin ach bhí neart oibre déanta ag tuismitheoirí, ag ullmhú cultacha éagsúla dóibh siúd ar stáitse is eile.
Caithfidh a rá go raibh toradh iontach lena saothar ar fad agus Seó gairmiúil léirithe ina raibh siamsaíocht den scoth curtha ar fáil don oíche ina raibh gach uile dalta páirteach ó Naíonáin bheaga go Rang 6. Cinnte, ní raibh eagla ar dhuine ar bith acu a bheith ar an ardán.
D’éirigh go hiontach leis na scoláirí is óige ar ardán agus Cór na Naíonáin curtha le chéile a bhí iontach ceolmhar is glórach. Bhí amhránaíocht ó ranganna mhúinteoir Mharcais is múinteoir Áine chomh maith agus filíocht a aithris acu chomh maith. Ní amháin sin ach bhí taispeántas iontach ag scoláirí Rang 5 idir dhamhsa ar an sean-nós is damhsa scuaibe chomh maith.
Bhí drámaí léirithe idir Bhéarla agus Gaeilge ... ‘The Moles and the Harvest Moon’ le Rang 2 agus ‘Cás Stoney Brennan’ le Rang 6. Cuireadh clabhsúr l’imeachtaí na hoíche agus ‘Ceoltóirí Riabhacha’ ar an stáitse le réimse breá ceoil is amhránaíocht a chasadh don lucht éisteachta mór bailithe.
Gabhann ‘Gaeilge Locha Riach’ comhghairdeas le gach uile duine a bhí páirteach leis an Seó Samhna a léiriú... d’éirigh thar barr leo ar fad agus ba léir gur bhain gach duine an-sult as gach uile rud ar stáitse.

Foras Pátrúnachta

Deireadh Fómhair '09

Tháinig ionadaithe ó Ghaelscoileanna ó na ceithre hairde go Baile Locha Riach 9ú agus 10ú Deireadh Fómhair agus Comhdháil Náisiúnta agus Cruinniú Chinn Bliana na heagraíochta ar siúl sa bhaile.
Tháinig an comhdháil go Baile Locha Riach agus Gaelscoil Riabhach ag ceiliúradh deich mbliain ar an fhód.
D’eagraigh Gaelscoileanna an cheantair an comhdhail seo idir Bhaile Locha Riach, Tuaim, Gort Inse Guaire agus Baile Átha an Rí.
D’oscail an t-Aire Éamonn Ó Cuív T.D. an comhdháil go hoifigiúil agus Comh. Pat Hynes, Méara Bhaile Locha Riach is polaiteoirí eile i láthair.
Tháinig múinteoirí, príomhoidí, ionadaithe ó Bhoird Bainistíochta, tuismitheoirí agus daltaí scoile chuig an ócáid speisialta seo.
Cuireadh ceolchoirm ar leith le chéile don ócáid go háirithe ina raibh ‘Cór na Naíonáin’ agus ‘Ceoltóirí Riabhacha’ ó Ghaelscoil Riabhach ag cur siamsaíochta ar fáil don chuideachta.
Rinneadh bunús na hoibre ag na ceardlanna ina raibh plé déanta ar tacaíocht foghlamtha, forbairtí tógála, rannpháirtíocht na dtuismitheoirí, ról an phátrúin i reiligiún, fís na ngaelscoileanna agus a lán eile.
Caithfidh a rá go raibh an coiste áitiúil thar a bheith bródúil go raibh siad ábalta comhdháil náisiúnta dá leithéid a mhealladh chuig an cheantar agus a eagrú go héifeachtach.
Dúirt Pól Mag Lionáin, Príomhoide Ghaelscoil Riabhach:
“Ba mhór an ónóir do Ghaeil Locha Riach dhá imeacht náisiúnta a eagrú sa bhaile i mbliana; Féile Náisiúnta Drámaíochta agus Comhdháil Náisiúnta Fhoras Pátrúnachta... is cinnte go bhfuil clú agus cáil ar an bhaile i measc Ghaeil na tíre mar bhaile a chuireann fáilte agus atá iontach báúil leis an Ghaeilge.”

Amhránaithe

Múinteoirí

Aire anois!

John Spillane

Together

Banna Scoile

Ceiliúradh na dTorthaí

Deireadh Fómhair '09


Tháinig slua breá le chéile le ceiliúradh a dhéanamh ar thorthaí Shuirbhé ar Stádas na Gaeilge i mBaile Locha Riach le deireannas.
Thug Mait Ó Brádaigh léargas iontach éifeachtach ar an staidéar beacht a bhí idir lámha aige. Rinne sé an taighde seo agus é ag dul do Chúrsa i bPleanáil Teanga in Acadamh na hOllscoile Gaeilge (NUIG), An Ceathrú Rua. Thacaigh Comhairle Chontae na Gaillimhe go mór leis an togra seo chomh maith. Is cinnte go bhfuil torthaí iontach dearfach i dtaobh na Gaeilge agus is mór an spreagadh do Ghaeil na háite go bhfuil tacaíocht nach beag acu.
Beidh na torthaí ar fad clóite i gcomhar le CD agus seolta go hoifigiúil 24 Samhain. Ag an phointe sin, beidh le feiceáil cén tionchar a bhéas ag a leithéid do phleananna i mBaile Locha Riach.
Ócáid ceiliúrtha a bhí san imeacht seo ag Gaeil na háite i ndáiríre, rud a bhí eagraithe don phobal ag Coiste Ghlór na nGael i gcuideachta le Gaeilge Locha Riach agus é maoinithe ag Foras na Gaeilge. Bhí scoláirí áitiúla ó Ghaelscoil Riabhach i mbun ceoil is damhsa agus cur i lathair den scoth déanta acu. Caithfidh a rá, gur bhain cách an-sult as an cheolchoirm speisialta le John Spillane. Is cumadóir amhránaíochta den scoth é gan amhras agus bhí éileamh nach beag air roinnt amhráin a chasadh ó ‘Irish songs we learned at school’.
Seá… chuir sé an halla ar fad ag canadh agus mar a deirtear: “Níor chaill sé riamh é!”

Stair agus Oidhreacht an Pharóiste ..
Aill agus Cillíní Díoma, Baile Locha Riach

Deireadh Fómhair 2009


Foilsíodh an leabhar seo le deireannas le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge. Tá réimse breá altanna sa leabhar ina bhfuil stair, cultúr, spórt, ceol, oidhreacht, nósanna, ginealach, dinnsheanchas, béaloideas, seandálaíocht agus an Ghaeilge mar chroílár iontu.
Tá caibideal ar leith dírithe ar an Ghaeilge go háirithe ina pléitear stadas na Gaeilge ó thús an chéid seo chaite agus go leor eile. I measc an mhéid atá le léamh, tá taighde faoi leith i dtaobh stádas na Gaeilge de réir daonáirimh 1901. Staidéar ar bhrí na logainmneacha, focla Gaeilge in úsáid go fóill, focla a bhaineann le cineálacha daoine agus cur síos ar chuid den bhéaloideas a bailíodh i nGaeilge sa cheantar. Tá sliochtanna ó bhailiúchán béaloidis na scoileanna a rinneadh siar sna 1930 aí. Agallaimh le daoine sa pharóiste, alt ar Oíche na Gaoithe Móire agus ar an Ghorta Mhór.
Mar aon leis sin, tá sean-sliochtanna a d’fhoilsigh Conradh na Gaeilge le linn an dara Chogadh domhanda. Ní amháin sin ach tá altanna spéisiúil ag Ciarán Ó Coigligh, Pádraig Ó Luanaigh, Máirtín Ó Fathaigh agus Séamus Ó Grádaigh.
Saothar trí bhliana atá sa leabhar seo a bhí curtha le chéile ag coiste díograiseach a d’oibrigh go dian ó cuireadh tús leis an tionscnamh Lúnasa 2006. Tá beagnach 700 leathanach idir na clúdaigh sa leabhar agus gabhann Gaeilge Locha Riach comhghairdeas leo siúd uile bainte leis an togra.

clúdach

Seoladh

eagarthóirí

Tamás Peterváry

In Ainm an Nádúir!

Deireadh Fómhair '09

D’eagraigh Gaeilge Locha Riach agus Elaine O’Ríordáin, Oifigeach Bithéagsúlachta Chomhairle Chontae na Gaillimhe sraith léachtanna ar logainmneacha do phobal Oirthear na Gaillimhe le deireannas. Gabhtar buíochas le GRD as ucht an sraith cur i láthair seo a mhaoiniú.
Mar a tharla, bhí Tamás Peterváry, seandálaí, ar chamchuairt ar Scoil Íde Naofa, Scoil Bhreandáin Naofa, Gaelscoil Riabhach, Otharlann Naomh Breandáin agus Comhar Creidmheasa Naomh Breandáin Baile Locha Riach agus an t-ábhar céanna idir láimhe aige.
Thug Tamás Peterváry léargas ar logainmneacha an cheantair agus aird faoi leith ar na hainmneacha bainte le cúrsaí dúlra. Is é an príomhchuspóir taobh thiar den sraith speisialta seo ná tuiscint ar logainmneacha an cheantair a shoiléiriú don phobal áitiúil agus deis a thabhairt do dhaoine aithne níos fearr a chur ar a gcomharsanacht tríd dúlra dúchasach na háite.
Rinneadh an cur i láthair i ‘Powerpoint’ a roinnt i rannóga ar leith agus na logainmneacha fréamhaithe faoi théamaí dúlra éagsúla; m.s. plandaí / feithidí / ainmhíthe agus araile...
Óna leithéid de chur i láthair, spreagadh plé ar bhrí na logainmneacha agus ar an dinnsheanchas a bhaintear leo. Is cinnte gur cothaíodh tuiscint níos fearr ar na bailte fearainn agus go méadófar úsáid na leaganacha gaelacha de na logainmneacha sa cheantar.

Éagsúlacht Beatha

Meán Fómhair '09

Bhí an t-ádh ar scoláirí Ghaelscoil Riabhach deis a bhaint as an dea-aimsir agus Rang Cois Locha le deireannas. Tháinig Seán Ó Flannagáin, saineolaí ar chúrsaí dúlra, ar cuairt ar mhaithe le ceardlann bitheagsúlachta a stiúradh. Cinnte, bhí deis ag na scoláirí foghlaim fán éagsúlacht beatha atá ag brath ar an loch idir plandaí, feithidí, ainmhíthe, éin agus éisc.
Ar ndóigh, ba mhór an tuiscint a bhí ag na daltaí ar chúrsaí bithéagsúlachta tar éis na cuairte ó Sheán. Cuireadh spéis sna cineálacha éagsúla beatha agus tuigtear go mbeidh meas is urraim tugtha do na níthe beaga is móra cois locha amach anseo.    
Mar aon leis sin, bhí Siúlóid Coille ar siúl i gcoill Maigh Fhód taobh amuigh de Chreachmhaoil in Oirthear na Gaillimhe Satharn 19 Meán Fómhair. Bhí Seán Ó Flannagáin amuigh arís agus é i gceannas ar an siúlóid seo a stiúradh. Cuireadh fáilte roimh theaghlaigh agus tugadh treoir agus ar an saibhreas timpeallachta sa choill le linn na siúlóide. Bhí an scaifte ag foghlaim fá na rudaí beaga is móra a bhí le feiceáil ar thalamh na coille go dtí barr na crainne.
Bhí na himeachtaí seo eagraithe ag Gaeilge Locha Riach i gcomhar le Elaine O’Riordain, Oifigeach Bithéagsúlachta Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus maoinithe ag GRD. Tuigtear go mbeidh imeachtaí agus tionscadail eile ag teacht mar thoradh ar na eachtraí seo.

Rang cois Locha

Siúlóid Coille

Siúlóid Oidhreachta

Oíche Oidhreachta

Buaiteoirí Oidhreachta

Tábhacht Oidhreachta

Lúnasa '09

Bhí go leor imeachtaí eagraithe ar fud na tíre mar chuid de Sheachtain Oidhreachta agus is cinnte gur tugadh meas nach beag do na gnéithe oidhreachta in Oirthear na Gaillimhe leis.
Bhí comhoibriú idir ‘Gaeilge Locha Riach’ agus Comhar Creidmheasa Naomh Breandáin agus roinnt imeachtaí eagraithe i gcomharsanacht Locha Riach le i rith na seachtaine.
Bhí Oíche Oidhreachta eagraithe le cúrsaí oidhreachta i dtaobh an locha a phlé idir gnéithe timpeallachta, staire agus cultúrtha. Rinneadh ceiliúradh ar oidhreacht an locha idir tréithe stairiúla, cultúrtha, seandalaíocht na háite agus an beatha beo thart timpeall an locha. Tugadh cluas l’éisteacht do na haoíchainteoirí, an Dochtúir Janice Fuller  agus Kevin McDonald, seandálaí.  Chuir Janice síos ar timpeallacht an locha, idir ainmhíthe, éisc, crainn, plandaí agus feithidí atá ag brath ar fhíoruisce an locha. Thug Kevin léargas speisialta ar chúrsaí seandálaíochta na hÉireann agus béim ar leith léirithe ar chrannóga an locha.
Mar aon leis sin, bhí Siúlóid Sléibhe agus Toraíocht Taisce eagraithe thart ar Sliabh Eachtaí sa Choill Bhreac ar an Domhnach 30 Lúnasa. Bhí Dermot Moran, staraí áitiúil, i gceannas ar an siúlóid seo a stiúradh. Imeacht do theaghlaigh a bhí ann agus tugadh treoir ar an choill agus ar an saibhreas timpeallachta sa choill. Ar ndóigh, bhí sé tabhachtach cluas le héisteacht a thabhairt don treoraí óir, ar an bhealach, bhí ceisteanna le freagairt agus iad uilig bunaithe ar dhúlra na háite. Cinnte, bhí go leor spraoi is sult ag teaghlaigh agus iad ag iarraidh fuascailt na ceisteanna a aimsiú sa choill. Le linn an chraic, bhí siad ag foghlaim is ag cur aithne níos fearr ar dúlra na háite. Cuireadh deochanna agus smailceanna bia ar fáil ina dhiaidh agus bronnadh plaiceanna cuimhniúcháin orthu siúd a d’éirigh na ceisteanna a fhreagairt i gceart.

Spraoi an tSamhraidh

Lúnasa '09

Bhí go leor craic agus spraoi ag an champa samhraidh i mBaile Locha Riach arís i mbliana. Gan amhras, bhain suas le dá scór daltaí sult iontach as an champa a bhí ar siúl idir 10 agus 14 Lúnasa ag Gaelscoil Riabhach sa bhaile.
Bhí an campa eagraithe ag Gaeilge Locha Riach agus maoinithe ag Foras na Gaeilge. Bhí Caitríona Ní Ríordáin mar stiúrthóir ar an chúrsa agus ceannairí breise ag obair léi i rith na seachtaine; Elaine De Faoite agus Nóra Ní Fhlannagáin. Caithfidh a rá go raibh neart spraoi ag gach uile duine ina raibh cluichí, spórt, ról-imirt, ealaín, ceol, amhránaíocht, drámaíocht agus a lán eile ar siúl acu le linn an champa.
Mar aon leis an mhéid sin, tháinig go leor cuairteoirí chuig an champa le ceardlanna speisialta a eagrú. Bhí Úna Ní Fhlannagáin i mbun ceardlann ceoil is damhsa ar an tsean-nós agus bhí ceardlann ealaíona faoi stiúir Áine Uí Fhlannagáin. Bhí ceardlann iontach maith acu agus iad i mbun cócaireachta le Gabrielle Uí Ríordáin, ag déanamh pancóga is cistí milse. Caithfidh a rá go raibh béim iontach curtha ar chúrsaí spóirt le linn an champa agus cuireadh spéis faoi leith sa cheardlann iomána le Brian Mahony.
Bhí turas breá eagraithe go speisialta go Gairdín Bhríde, Ros Cathaill, Maigh Cuilinn. Cuireadh fáilte Uí Cheallaigh rompu ansin agus iad tugtha ar chamchuairt thart ar na gairdíní galánta ann. Bhí picnic beag ag na páistí ansin agus deis acu gabháil ag iascaireacht, cluichí éagsúla a imirt agus sult a bhaint as dea-aimsir an lae.
Caithfidh a rá go raibh freastal breá fairsing ar an champa. Cuireadh fáilte ar leith roimh an teaghlach Mhic Chonmidhe as Béal Feirste agus roimh mhuintir Uí Chiardhubháin as Tiobráid Árainn. Cinnte, tháinig formhór na bpáistí ón cheantar mórthimpeall.
Faraor, bhí seans ag tuismitheoirí is cairde sult a bhaint as seó den scoth a d’eagraigh na daltaí mar chlabhsúr ar an champa. Ba léir gur bhain cách sult as an amhránaíocht, an damhsa is drámaíocht an tseó. Seá, craic go leor ag an champa....cheana féin, tá daoine ag caint faoi ‘Campa Samhraidh 2010’!

Girseacha i mbun spraoi

Breac ar bith!

sos tuillte

blasta

Ceol iontach

Féile Bia

Féile Bia Blasta

18 Iúil '09
D’éirigh go breá leis an fhéile bhia a bhí ar siúl ag Otharlann Naomh Breandáin i mBaile Locha Riach le deireannas. Eagraíodh an fhéile in ómós Stoney Brennan, carachtar áitiúil a crochadh toisc gur ghoid sé tornapa fadó. Léirigh an fhéile spotsolas ar chaighdean an bhia atá ar fáil go háitiúil agus bhain gach duine sult as ceol is béaloideas an cheantair cois locha faoi scáth Shliabh Eachtaí. Féile pobail a bhí anseo a bhí ag iarraidh seans a thabhairt do mhuintir na háite ceiliúradh a dhéanamh ar a chuid tréithe traidisiúnta.
Bhí deis ag daoine sult a bhaint as rogha gach bia, taitneamh a bhaint as cheol, drámaíocht, amhránaíocht agus béaloideas an cheantair agus spraoi iontach do theaghlaigh ar siúl.
Bhí ceolchoirm speisialta eagraithe i gcomhar le Club na Culture Vultures ina raibh amhranaithe Daithí Mac an Éirne, Helen Hayes, agus ó Ionad lae Naomh Máirtín, ceoltóirí Muintir Uí Fhlannagáin, muintir Uí Fhathaigh agus píobairí ó Bhéal Feirste. Lena chois sin, léirigh ‘Aisteoirí Raibhacha’ gearrdhráma ar chás Stoney Brennan.
Bhí neart daoine páirteach i gcomórtas cócaireachta agus Michael Ward, cónaitheoir san oispidéil, mar mholtóir. Bhí Béibhinn Ní Mháille, dalta ó Ghaelscoil Riabhach, thar a bheith bródúil gur éirigh léi an príomhdhuais a bhuachan.
Bhí timpeall 600 duine ag an fhéile i rith an lae agus iad ag breathnú thart ar na seastáin éagsúla idir rogha breá bia, ceirdeanna is eile ar taispeáint. Tá foireann na féile iontach buíoch do Funshack a chur caisleán súgartha ar fáil don lá agus a bhí i gceannas ar aghaidheanna a pheinteáil saor in aisce. Ba mhaith leo buíochas speisialta a ghabháil le foireann agus cónaitheoirí Otharlann Naomh Breandáin as an suíomh a chur ar fáil.
Ós rud é nach raibh an fhéile ar son brabúis, ba mhaith leis an choiste eagraithe a mbuíochas a ghabháil le Fáilte Ireland agus lena lucht urraithe ar fad a thacaigh go mór leis an imeacht seo a reachtáil; Comhar Creidmheasa Naomh Breandáin, Supervalu, Foras na Gaeilge, Gaeilge Locha Riach, Baffle agus Cairde na Féile.
Tá pleananna idir lámha anois don bhliain seo chugainn agus fáilte roimh dhaoine eile a bheith páirteach ar an choiste. Má tá éinne ag iarraidh a thuilleadh eolais i dtaobh Féile Bia Oirthear na Gaillimhe, b’fhiú teagmháil a dhéanamh le eastgalwayfoodfestival@gmail.com 087 6797801 nó 087 9296163.

Scoil Cheoil Broderick/Carty
Seachtain Cheolmhar

Iúil '09 

D’éirigh go hiontach leis an Scoil Cheoil arís i mbliana agus suas le ceithre scór dalta ag freastal ar ranganna ceoil i rith na seachtaine.

Bhí deis ag daltaí réimse leathan uirlisí ceoil traidisiúnta a fhoghlaim i rith na seachtaine agus béim ar leith ar stíl ceoil Oirthear na Gaillimhe. Bhí réimse ranganna ar fáil do fhoghlaimeoirí, feabhsóirí, ranganna ard-leibhéal mar aon le seisiúin éagsúla ar toipicí agus ar ghléasanna ceoil ar leith. Mar aon leis sin, bhí deis ag gach dalta rince ceilí, seit is ar an tsean-nós a fhoghlaim mar aon le roinnt amhráin traidisiúnta.
Bhí cuairteoirí speisialta ag tabhairt faoi cheardlanna ar leith; Eddie Lenihan, seanchaí, i mbun scéalaíochta, Tim  Lyons i mbun amhránaíocht agus bhí ceardlann ar an chonsairtín ag Jacqeline McCarty. Mar aon leis sin, tháinig páistí ó Bhéalarúis ar cuairt agus iad ag dul ar chamchuairt thart ar na ranganna uile.
Bhí ceolchoirm do theaghlaigh mar chlabhsúr ar an Scoil Cheoil agus ba mhór an ónóir do thuismitheoirí, cairde agus pobal na háite ceithre scór dalta i mbun ceolchoirme ar ardán.
An oíche sin, bhí ceilí den scoth eagraithe i gcomhar leis an ‘Tulla Céilí Band’ in Óstán Locha Riach.

Drums

music session

Feadóga

Deartháireacha ar na Píobaí

Sean Patsy Tuohy

Féile Touhy

17-19 Iúil.


Bhí na píobaí uilleann go mór le cloisteáil i gcomharsanacht Locha Riach le linn na féile seo aa thosaigh le taispeántas Píbe speisialta ag Joe Doyle agus bhí buíon breá ceoltóirí páirteach sa seisiún a mhair go mall san oíche.
Cuireadh ranganna agus ceardlanna ar na píobaí ar siúl thar dheireadh na seachtaine.
Bhí an cheolchoirm mhór in ómós Patsy Tuohy ar an mhír is speisiúla sa chlár agus réimse leathan ceoltóirí ag glacadh páirte...  Joe Doyle, Pat agus Val Broderick, Úna Ní Fhlannagáin, Dick Joyce, Chris Droney, Cormac Ó Briain, Steve Porter, Mikie Smith, Leo Ricard , is go leor eile ó Comhaltas Ceoltóirí Éireann.
Bhí aifreann fíor-speisialta eagraithe sa mhainistir ina raibh go leor ceoil seinnte agus cuireadh clabhsúr le himeachtaí le ‘Picnic na bPíobairí’.

Oíche Ceiliúrtha na n-Óg

Meitheamh 2009

Tháinig Cumann Óige Locha Riach, teaghlaigh agus cairde le chéile ag deireadh Mhí an Mheithimh le ceiliúradh a dhéanamh ar an mhéid a bhí curtha i gcrích acu i rith na bliana.
Bhí cúis ceiliúrtha acu gan amhras agus bliain gnóthach go leor acu ina raibh clár faisnéise gairid curtha le chéile acu ar DVD bunaithe ar dráma a d’ullmhaigh siad le haghaidh ‘Feile Raifteirí’.
Mar aon leis sin, thaifead siad clár raidió i gcomhar le Máirtín Davy Ó Coistealbha RTÉ RnaG darbh ainm ‘Na Spailpíní Óga’.
Bhí tuairiscí i dtaobh an mhéid thuasluaite agus a thuilleadh le fáil san iris ‘Cois Locha’a chuir siad le chéile acu chomh maith.
Sheol Paidí Ó Lionáird(TG4) an DVD, an clár raidió agus an iris ag an ocáid speisialta sa chomhar creidmheasa.

Is cosúil anois go bhfuil an Cumann Óige ag réiteach pleananna don bhliain seo chugainn agus iad ag teacht le chéile arís Meán Fhómhair.

Seoladh Cois Locha

Cois Locha

Buaiteoir Barr 50

Barr 50 2009

Hill’s …. Barr 50.

Meitheamh 2009

In Óstán na gCeithre Shéasúr, Baile Átha Cliath, le deireannas, bronnadh duais speisialta ar ‘Hill’s – Gréasaí agus Glasadóir’ agus iad aitheanta i measc Barr 50 in Éirinn as margaíocht a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Gan amhras, tá Hill’s ar cheann de na ceannródaithe a thuig tábhacht na margaíochta trí mheán na Gaeilge i mBaile Locha Riach.
D’aithin siad go raibh pobal gaelach ag fás is ag forbairt sa bhaile agus thapaigh siad an deis an pobal sin a spreagadh i lár an bhaile agus siopadóirí eile a mhealladh i dtreo na Gaeilge.
Ní amháin go bhfuil comharthaíocht agus ábhair dhátheangacha in úsáid acu ach cothaítear a gcustaiméirí i gcónaí Gaeilge a úsáid. Tá duaiseanna beaga is beaga buaite acu de bharr a n-iarrachtaí thar na blianta agus ní nach ionadh go bhfuil an t-aitheantas cuí bronnta orthu le bheith i measc Barr 50 i mbliana.
Creideann siad go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach íomhá speisialta a chothú i mbailte beaga na hÉireann go háirithe. Ar ndóigh, tá siad den bharúil nach féidir íomhá níos speisialta a chruthú ná íomhá bhreá ghaelach.
Tá sampla iontach den íomhá seo le feiceáil ar cheann de na comharthaí a chuireann fáilte roimh chustaiméirí sa siopa:
 ‘Is cuma le fear na mbróg cá gcuireann sé a chos’
Gabhann ‘Gaeilge Locha Riach’ comhghairdeas ó chroí leo!

Aisteoirí Aon Oíche

Bealtaine 2009

Cuireadh fáilte Uí Dhalaigh roimh Fhéile Náisiúnta Drámaíochta i mBaile Locha Riach le deireannas nuair a léirigh Aisteoirí Aon Oíche “Triail Antaine Uí Dhálaigh” i dTeach na Cúirte sa bhaile. Cinnte ba mhór an bród is áthas a bhí ar mhuintir na háite go raibh ‘Féile Náisiúnta Dramaíochta’ tagtha chuig an cheantar, rud a spreag iad chun tabhairt faoi dhráma áitiúil a léiriú don ócáid.

Scríobh Joseph Forde an dráma seo agus é aistrithe ag Séamas Ó Bruadair. Tá sé bunaithe ar scéal stairiúil a tharla sa cheantar agus na Ribinigh gníomhach ag tús na 19ú haois. Cruthaíodh cúis bréagach i gcoinne Uí Dhálaigh ar mhaithe leis na Ribinigh a chur faoi chois agus dá bharr crochadh é ag Cnoc Suí Finn ina dhiaidh 8 Aibreán 1820.
Líonadh Teach na Cúirte mar chuid den oíche oscailte ar mhaithe leis an dhráma a fheiceáil agus is cosúil gur bhain gach uile duine sult as an ócáid óir tugadh bualadh bos mór ag deireadh na hoíche.

Bualadh bos
Bronnadh na nGradam

Féile Náisiúnta Drámaíochta

Bealtaine 2009

Bhí bród is áthas ar ‘Gaeilge Locha Riach’ go raibh ‘Féile Náisiúnta Dramaíochta’ tagtha go Baile Locha Riach 1 – 3 Bealtaine.
Ónóir iontach é do phobal ghaelach an cheantair fáilte mhór Uí Cheallaigh a chur roimh an fheile náisiúnta agus go leor daoine ag súil go mór le drámaí den scoth agus aisteoirí d’ardchaighdean a tháinig ó fud fad na tíre le bheith i láthair thar dheireadh na seachtaine.
Bhí aisteoirí i láthair ó na ceithre hairde idir:
Aisteoirí Bulfin, Baile Átha Cliath.
Aisteoirí Chill na Martra, Corcaigh.
Aisteoirí Mhic Easmhuinn, An Ceathrú Rua, Co. na Gaillimhe.
Cumann Drámaíochta Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.
Aisteoirí Mhiobhaigh, Na Dúnaibh, Co. Dhún na nGall.
Aisteoirí Bhréanainn, Corca Dhuibhne, Co. Ciarraí.

Bhí 6 dráma iontach leagtha amach mar chuid den chlár thar dheireadh na seachtaine mar chuid den chomórtas náisiúnta agus fáilte roimh chách bualadh isteach lena fheiceáil.

Bhí imeachtaí éagsúla eile ag tarlú i rith na deireadh seachtaine ina raibh agallaimh beirte, lúibíní, gearrdhrámaí traidisiúnta agus seisiúin amhranaíochta. Bhí RTÉ RnaG i mBaile Locha Riach an chuid is mó de dheireadh na seachtaine agus an tAire Éamonn Ó Cuív T.D. i láthair chomh maith le haghaidh Bhronnadh na nGradam.

Fóram na n-Óg

Márta 2009

D’éirigh go hiontach le ‘Fóram na n-Óg’ a bhí eagraithe ag Gaeilge Locha Riach i gColáiste Raphael le deireannas agus breis agus ceithre scór daltaí páirteach in imeachtaí an lae.
Ba é an sprioc a bhí ag an fhóram seo ná spéis a chothú i measc dhaoine óga na háite sna buntáistí fostaíochta is eile a bhaineann leis an Ghaeilge taobh amuigh den chóras oideachais.
Bhí go leor ceisteanna/ ábhair cainte tógtha ag na cainteoirí is na déagóirí rannpháirteach in obair grúpaí le fuascailt na ceisteanna/freagraí a aimsiú dóibh féin.
Caithfidh a rá go raibh réimse leathan scileanna is taithí éagsúla ag na aoíchainteoirí a bhí i lathair an Fhóraim, ina measc:

  • Aisteoirí gairmiúla ó ‘Branar’ le tús a chur le himeachtaí an lae.
  • Ré Ó Laighléis (scríbhneoir agus foilsitheoir)
  • Máirtín Davy Ó Coistealbha, RTÉ RnaG.
  • Evan Chamberlain, Goodcompany Productions, TG4
  • Síne Níc an Ailí, Conradh na Gaeilge & Raidió Rí-Rá

I rith an lae, bhí na daltaí féin iontach gníomhach agus ábhair na gceardlanna a phlé  acu i ngrúpaí. Scaipeadh ceistneoirí ina measc agus, i ndiaidh dóibh gabháil i gcomhairle lena chéile, nochtaíodh go leor tuairimí dearfacha is moltaí éagsúla ar na buntaistí áirithe ar mhaith leo fein a fheiceáil sa todhchái.
Tá na moltaí seo á mheas fá láthair is ‘Gaeilge Locha Riach’ ag súil go mór tógáil orthu.

Branar i mbun drámaíochta

 

 

Cuid de na cainteoirí

Ag tobar Bhríde

Turas Bhríde .. 1 Feabhra '09

Tháinig slua beag le chéile le ceiliúradh agus comóradh a dhéanamh ar oidhreacht Bhríde i mBaile Locha Riach an Domhnach seo chaite Lá Fhéile Bhríde.
Tháinig siad le chéile ag Tobar Bhríde i nGarraí Bhríde sa bhaile áit ina raibh plé acu ar sheanchas Bhríde agus ar na nósanna éagsúla bainte le Lá Fhéile Bhríde. Bhí amhrán canta in ómós Bhríde , buaileadh cúpla poirt ceoil agus tuigtear go raibh roinnt paidreacha ráite chomh maith. Cé gur lá fuar a bhí ann, ba mhór don tslua beag a chuimhniú go raibh an t-Earrach tagtha le Lá Fhéile Bhríde.

Club na Culture Vultures

Nollaig '08

Ba mhaith le ‘Gaeilge Locha Riach’ fáilte as chur roimh eagraíocht gaelach nuabhunaithe in Oirthear na Gaillimhe. Bunaíodh an cumann seo i nDeireadh Fómhair ’08 ar mhaithe le cairdeas is cuideachta gaelach a chruthú i gcomharsanacht Chreachmhaoil go háirithe. Is é príomhaidhm an chumainn ná craic a sholáthar trí mheán na Gaeilge ina mbeidh cúrsaí ealaín agus ceoil spreagtha. Ní ar son brabúis atá an eagraíocht seo in aon chor.

Bhí an chéad imeacht eagraithe ag an ghrúpa ina raibh Taispeántas Ealaíne agus Ceolchoirm ar siúl le deireannas i Nead ‘Na Culture Vultures’, Teampall Mháirtín, Creachmhaoil.
Bhí saothair ealaíne ar taispeáint ag triúr ealaíontóirí áitiúla le linn na hoíche; Aideen Cahill BA Ealaíon, Donncha Cahill BA Ealaíon agus Sorcha Ní Chróinín atá ag freastal fá láthair ar Choláiste Ealaíon i nGlaschú, Alban. Thug an nead an deis do na healaíontóirí seo a saothar a dhíol ar phraghas réasúnta ar an oíche. Lena chois sin, cuireadh ábhar bhronntanais Nollag ar fáil.

Bhí ceolchoirm na hoíche ar siúl i gcistin an tí ina raibh Joe Burke agus Ann Conroy Burke mar aíonna speisialta le tús a chur leis an cheol. Bhuail Máire O’Keefe le roinnt portanna ina ndiaidh agus bhí na ceoltóirí óga Katie O’Toole, Louise Donohue agus Hannah Devine ag cur leis an éagsúlacht ceoil.

Bhí an-oíche go deo ag na Culture Vultures agus tá sé i gceist acu a thuilleadh imeachtaí a reachtáil sa bhliain úr.

 

 

Joe agus Ann Conroy Burke

Culture Vultures

Cathaoirleach ag Cóisir na Nollag

Comhluadar Lár-Geimhridh

21 Nollaig '08

Bhí cóisir iontach eagraithe ag ‘Coiste na dTuismitheoirí’ Ghaelscoil Riabhach i gcomhar le ‘Gaeilge Locha Riach’ ar son phobal ghaelach na scoile ar na mallaibh.
Tháinig breis agus caoga teaghlach ón chomharsanacht le chéile is na páistí ábalta a bheith ag súgradh is ag spraoi le linn imeachtaí na hoíche agus seastáin éagsúla curtha le chéile ag tuismitheoirí ar a son. Cuireadh soláistí bia agus rogha breá deochanna ar fáil don chuideachta, aghaidheanna péinteáilte agus eile.
Ní amháin sin, ach bhí brandáil dá gcuid féin cruthaithe ag an lucht na scoile is málaí scoile is tuaillí dá gcuid féin curtha ar fáil don oíche. Tharla go raibh deis ag gach uile dalta a n-aghaidheanna féin a dhearadh don tuaille féin. Ar ndóigh, glacadh an deis roinnt amhráin a chasadh agus is cosúil gur bhain idir pháistí agus tuismitheoirí an-sult as imeachtaí na hoíche.

Cóisir na nÓg

17 Nollaig '08

Tháinig scór go leath baill ó Chumann Óige Locha Riach le chéile ag Citylimits, Órán Mór le cóisir iontach a cheiliúradh; iad ag imirt ‘Laserquest’ agus ag babhláil.
Bhí déagóirí óga ábalta a bheith ag súgradh is tamaill a chaitheamh ina gcuideachta a fhad is go raibh tuismitheoirí is stiúrthóirí sásta súil a choinneáil ar chúrsaí, ag ól tae is caife.
Is cinnte gur bhain idir dhéagóirí agus tuismitheoirí an-sult as imeachtaí na hoíche is plé ar siúl eatarthu fá na pleananna móra atá acu don bhliain úr idir dhrámaíocht, cláracha raidió, ceardlanna ar fhíseáin, ar chartúin is ar a lán eile.

Daoine Óga ag Citylimits

 

 

 

Broonadh ar Chomhaltas

Buíochas ó ‘Áthas’ le Comhaltas.

10 Nollaig '08

Bhronn ‘Áthas’ an grúpa carthannachta ar son Searnóbail, teastais buíochais ar Chomhaltas Ceoltóirí Éireann Bhaile Locha Riach as ucht a dtacaíocht i rith 2008. Mar a tharla bhí dornán bhrea de na páistí ó Shearnóbail ag freastal ar Scoil Cheoil sa chomharsanacht  le linn an tsamhraidh.
Agus páistí Shearóbail ar an Scoil Ceoil, d’fhoghlaim siad amhrán breá gaelach ‘Bheir mé ó’. Ní amháin sin ach tugadh deis dóibh an fonn a bhualadh ar an fheadóg stáin fosta.
Caithfidh a rá gur éirigh go maith leis na páistí amhrán agus fonn a fhoghlaim in achar aon ranga amháin. D’fhreastail siad ar cheolchoirm na bpáistí an tráthnóna sin, áit ar sheinn siad ‘Bheir mé ó’ go soiléir don lucht éisteachta agus ba mhór an spreagadh do fhoghlaimeoirí ceoil agus amhránaíochta a leithéid a chloisteáil.
Caithfidh a rá go raibh na páistí Shearnóbail thar a bheith sásta go raibh amhrán i nGaeilge foghlamtha acu agus go raibh siad ag gabháil abhaile le feadóga stáin leis an fonn a bhualadh dá gcairde sa bhaile…

Oíche Mhór Ghaelach i mBaile Locha Riach.

2 Nollaig '08
Bhí thart ar 150 duine ó cheantair éagsúla in Oirthear na Gaillimhe i láthair ag ócáid mhór Ghaelach i mBaile Locha Riach Dé Máirt, 2 Nollaig 2008 nuair a rinne Méara Chontae na Gaillimhe an Comhairleoir Peter Feeney, feachtas nua i leith na Gaeilge do cheantair in Oirthear Chontae na Gaillimhe a sheoladh. ‘Do Sheans le Gaeilge’ an t-ainm atá ar an bhfeachtas nua ar Clár feasacháin é maidir leis na seirbhísí tacaíochta d’fhorbairt na Gaeilge atá ar fáil in Oirthear na Gaillimhe a chur os comhair an phobail. Tá an togra curtha le chéile ag Comhairle Chontae na Gaillimhe, Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe agus Gaeilge Locha Riach, togra pobail do fhorbairt na Gaeilge in Oir-Dheisceart na Gaillimhe.
De bharr an éilimh a bhí feicthe ag na heagraíochtaí seo ar ranganna Gaeilge, ar scoileanna lán-Ghaeilge agus ar imeachtaí sóisialta trí Ghaeilge ar fud Oirthear Chontae na Gaillimhe, mheas siad oibriú as láimh a chéile le straitéis chomhtháite do sholáthar na seirbhísí áirithe seo a chur le chéile chun éifeacht ar chaiteachas airgid phoiblí sa réimse seo a chinntiú. De bharr chomhoibriú na n-eagraíochtaí seo, seachnaíonn sé dúbailt ar sholáthar ranganna agus imeachtaí Gaeilge agus cuireann an t-eolas ar fad os comhair an phobail ar bhealach atá éasca le tagairt a dhéanamh dó.
Tugann an bróisiúr atá seolta eolas maidir leis na seirbhísí ar fad atá ar fáil in Oirthear na Gaillimhe ó chúrsaí Oideachais agus Scolaíochta, go ranganna oíche agus imeachtaí sóisialta atá ar fáil sna ceantair éagsúla.
Sular thosaigh ócáid na hoíche, bhí imeachtaí Gaelacha ar siúl i mBaile Locha Riach i rith an tráthnóna le haonach leabhar d’óg, An Spailpín Fánach ar cuairt, chomh maith le ceardlann liteartha do phaistí ar ‘An Phleist Mhór’ le Ré Ó Laighléis agus seoladh ‘Yankí Dúidil’ le Glór na nGael is an ealaíontóir Alison Mac Cormaic i láthair.
Bhí go leor siamsaíochta curtha ar fáil le linn an tráthnóna agus ceoltóirí ag seinnt leo le fáilte a chur roimh an chuideachta; ba iad sin Verena Ní Chuimín, Val Broderick, Úna is Seán Ó Flannagáin. Cuireadh tús drámatúil leis an oíche agus sliochtanna óna dhráma ar Phádraic Ó Conaire léirithe ag Diarmuid De Faoite. Seoladh leabhar ar Phádraic Ó Conaire leis fosta. Mar aon leis sin, seoladh leabhar oidhreachta ar charachtair áitiúla le tionchar náisiúnta ó cheantar Locha Riach ‘Na Clocha Beo’. Cuireadh spéis ar leith sa Spraoicheist an tráthnóna sin freisin agus ceisteanna bunaithe ar imeachtaí gaelacha sa chomharsanacht.
Cuireadh clabhsúr le himeachtaí na hoíche nuair a bhronn Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Choiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe, Seosamh Mac Donnacha, Gradaim Locha Riach. Gradaim Phobail iad seo a bronnadh ar ghrúpaí agus eagraíochtaí pobail i gceantair Óráin Mhóir, Bhaile Átha an Rí, Bhaile Locha Riach, Bhéal Átha na Sluaighe agus Ghort Inse Guaire a bhí gníomhach i bhforbairt na Gaeilge ina gceantar féin.
Bronnadh breis is dhá scór gradam ar fad ar mhaithe le haitheantas agus buíochas a thabhairt do na heagraíochtaí pobail éagsúla as an mhéid a bhí déanta acu leis an Ghaeilge a chur chun cinn i mBaile Locha Riach in 2008. B’iontach an moladh a tugadh do réimse na n-eagraíochtaí pobail uile a rinne iarracht an Ghaeilge a chur chun cinn.  Ar ndóigh, ba mhór an cothú do gach duine glacadh lena ngradaim agus tugadh spreagadh ar leith dóibh tógáil ar an dea-obair in 2009.

 

 

 

Múinteoirí ag dul le Seans

 

 

Do Sheans Seolta

 

 

Diarmuid De Faoite mar Phádraic Ó Conaire

Scéalaithe i mbun scéalta

Oíche Scéalaíochta

27 Samhain '08

Bhí idir finscéalta, scéalta stairiúla, naofa, pearsanta is greannmhara inste le linn oíche airneáin a bhí ag Gaeilge Locha Riach le deireannas.
Tháinig ciorcal scéalaíochta le chéile sa Seomra Glas sa Teach Beag i mBaile Locha Riach agus chaitheadh an oíche ag inse agus ag éisteacht le scéalta éagsúla.
Bhí an seisiún scéalaíochta seo faoi stiúir Ré Ó Laighléis agus tugadh cead do gach uile duine scéal nó dhó a inse. Tugadh údaráis ar leith don scéalaí agus greim aige/aici ar bhachall draighin ... rud a spreag roinnt scéalta eile.
Tarraingíonn scéal scéal eile ... a deirtear agus lean an oíche airneáin ar aghaidh ar feadh tamaill mhaith. Cinnte, bhí daoine breá socair sa seomra seo ar chúl a’ tí ag ól tae, caife is deochanna níos láidre agus ceapairí breá blasta curtha ar fáil don chomhluadar.
D’éirigh go maith leis an oíche airneáin agus tá sé i gceist go dtiocfaidh an ciorcal scéalaíochta le chéile arís go luath san athbhliain.

Buaiteoir Breá ag ‘Baffle

3 Samhain '08

Ba mhaith le ‘Gaeilge Locha Riach’ comhghairdeas a ghabháil le Coiste ‘Baffle’ agus an 12ú féile ceiliúrtha acu i mBaile Locha Riach ar na mallaibh. Gan amhras, a bhuíochas le Foras na Gaeilge, bhí na gnéithe gaelacha go mór chun tosaigh arís san fhéile.

Tugadh ónóir do Mhicheál Ó Muircheartaigh le Féile Baffle ’08 a sheoladh go hoifigiúil. Thóg sé an lucht éisteachta ar bhóithrín na smaointe agus é ag tagairt do théama filíochta na bliana: ‘An Chéad Uair’.
Roghnaíodh an téama seo i gcuimhne réamhchruinniú a bhí ag Micheál Ó Cíosóg i mBaile Locha Riach 15 Lúnasa 1884 agus é ag beartú Cumann Lúthchleas Gael a bhunadh.
An oíche céanna, chas Róisín Elsafty roinnt amháin fileata agus an lucht éisteachta curtha faoina draíocht aici lena glór binn séimh.

Bhí an chomórtas filíochta bunaithe ar an téama thuasluaite agus rannóga ar leith ann dírithe ar scoláirí is ar dhaoine fásta. Cuireadh fáilte Uí Cheallaigh roimh an fhile, Simon Ó Faoláin agus é ag léamh ina stíl aitheanta féin as an chnuasach ‘Anam Mhadra’ a foilsíodh i mbliana. D’fhan sé thar dheireadh na seachtaine agus é ar dhuine de na moltóirí ar an phríomhchomórtas.
Agus, ag tráchta ar an phríomhchomórtas ba mhaith le ‘Gaeilge Locha Riach’ comhghairdeas speisialta a chur roimh Seán Ó Flannagáin a bhuaigh an dara duais lena dhán ‘Lorg Méire’. Anuraidh, tógadh an tríú duais dó ... ní fios cad a bhéas i ndán dó an bhliain seo chugainn!
Dúirt Siún Uí Dhomhnaill, urlabhra Baffle, go raibh an coiste iontach sásta leis na himeachtaí gaelacha i mbliana.

Buaiteoir

Seoladh Baffle

Tuismitheoirí Ghaelscoil Riada bailithe le chéile

Cairde na Gaeilge.

Samhain ‘08

Ba mhaith le ‘Gaeilge Locha Riach’ comhghairdeas a ghabháil le ‘Cairde na Gaeilge’ i mBaile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe as clár imeachtaí leathan a chur le chéile le linn na scoilbhliana 2008-09.

Agus Gaelscoil Riada is Coláiste an Eachréidh bunaithe le roinnt blianta anois sa bhaile, creideann ‘Cairde na Gaeilge’ go bhfuil sé mar dúshlán dóibh pobal Gaelach a chothú sa chomharsanacht. Chuige sin, tá sé i gceist acu go leor imeachtaí sóisialta a reachtáil sa dóigh is gur féidir pobal gaelach a chothú is a spreagadh. Mar shampla, tagann grúpa tuismitheoirí is leanaí le chéile go seachtainiúil, eagraítear imeachtaí iarscoile, ciorcail comhrá is ócáidí theaghlaigh agus go leor pleananna acu tógáil ar an dea-obair seo.

Maidin Caife le leabhair.

Samhain ‘08

Bhí Maidin Caife do theaghlaigh eagraithe i nGaelscoil Riabhach, i mBaile Locha Riach le deireannas.  Tháinig tuismitheoirí, múinteoirí is daltaí na scoile le chéile l’ócáid speisialta a eagrú ina raibh deis ag gach duine cupán tae nó caife a bheith acu agus roinnt de na cistí milse is brioscaí lámhdhéanta a bhlaiseadh.
Caithfidh a rá go raibh rogha iontach milis curtha os comhair phobal na Gaelscoile. Bhí aonach leabhar curtha ar bun sa scoil ag an am céanna chomh maith. Díoladh go leor leabhar le linn na hócáide ag an ghaelscoil ach is cosúil go raibh níos mó cistí milis is brioscaí blasta díolta. Chuaigh an brabús ar fad i dtreo imeachtaí breise a eagrú sa scoil.

Maidin Caife
Ciorcal Léitheoireachta

Oíche na Leabhar

25 Samhain '08

Tháinig ciorcal léitheoireachta le chéile le plé a dhéanamh ar cuid de na leabhair léite acu ó bunaíodh an leabharlann bheag Meán Fómhair i mbliana.
Pléadh 22 saothar ag ‘Oíche na Leabhar’ le deireannas agus é i gceist ag an chiorcal léitheoireachta cur leis an stóras leabhair atá ar fáil acu.
Níorbh é go ndearna léirmheasanna criticiúla ar na saothair ar fad ach tugadh tuairimí macánta orthu.
Tá spéis ar leith léirithe sa leabharlann bheag atá in oifigí ‘Gaeilge Locha Riach’ agus sa chiorcal léitheoireachta leis. Beidh fáilte i gcónaí roimh dhaoine eile buaileadh isteach agus leabhair a roghnú ón leabharlann bheag agus ballraíocht a ghlacadh sa chiorcal léitheoireachta.

Seisiún Locha Riach

18 Deireadh Fómhair '08

Bhí seisiún breá Gaelach eagraithe ag ‘Gaeilge Locha Riach’ le deireannas ina raibh scoth an ceoil agus na hamhránaíochta le cloisteáil.
Ní raibh leithscéal ar bith don ócáid ach ... ar mhaithe leis an chraic ... cúis ar bith eile. Ar ndóigh, ba léir nach raibh fáth ar bith eile de dhíth ag an cuideachta an-sult a bhaint as an chomhluadar cheolmhar le linn na hoíche. Cinnte, cuireadh béim faoi leith ar amhránaíocht Lillis Ó Laoire, agus é ar cuairt don oíche. Mar atá a fhios ag an saol mhór, tá stór iontach amhráin de ghlanmheabhair ag an dochtúir Ó Laoire agus ba mhór an meas a bhí ag cuideachta na hoíche dá leithéid. Chas sé go leor amhráin de chuid Raifteirí agus cinn eile ó bhailiúchain béaloidis an cheantair.
I measc na ceoltóirí a bhí ag glacadh páirte sa seisiún, bhí Breeda Keville, Verena Commins, Seán Ó Flannagáin agus Eugene Bellew.
Ar ndóigh, cuireadh fáilte roimh amhránaithe eile le linn na hoíche agus tharla go raibh scéalaíocht ar bhéaloideas na n-amhráin leis.


 

Verena is Breda ag seinm ceoil

Seán Bane ag an leabharlann bheag

Leabharlann Bheag. (16 Deireadh Fómhair '08)

Cuireann ‘Gaeilge Locha Riach’ fáilte roimh chairde buaileadh isteach agus leabhair a thabhairt ar iasacht mar chuid den leabharlann bheag atá oscailte san oifig ar mhaithe le daoine fásta.
Níl costas ar bith ar an scéim seo ach iarrtar ar Ghaeil buaileadh isteach agus leabhar amháin a roghnú agus páirt a ghlacadh sa chlub leabhar.
Tá breis is 120 leabhar sa chnuasach ina bhfuil cúrsaí staire, béaloideasa, taighdí ar dhírbheathaisnéis, úrscéalta, gearrscéalta, filíocht agus seanlitríocht na hÉireann le léamh. Creidtear go bhfuil rogha breá fairsing ag an chlub leabhar agus beidh sé i gceist ag an chlub tógáil ar an leabharlann beag atá ar fáil fá láthair.
Beidh ‘Oíche na Leabhar’ eagraithe don 20 Samhain i mbliana agus cuirfear fáilte roimh dhaoine teacht isteach agus na leabhair atá léite acu a phlé. Ní bheidh léirmheas criticiúil de dhíth ach tuairimí macánta.
Tá spéis ar leith léirithe sa bhailiúchán bheag cheana féin agus beidh fáilte i gcónaí roimh dhaoine eile buaileadh isteach agus leabhair a roghnú.