|
| |
|
Stair agus Oidhreacht an Pharóiste ..
Aill agus Cillíní Díoma, Baile Locha Riach
Deireadh Fómhair 2009
Foilsíodh an leabhar seo le deireannas le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge. Tá réimse breá altanna sa leabhar ina bhfuil stair, cultúr, spórt, ceol, oidhreacht, nósanna, ginealach, dinnsheanchas, béaloideas, seandálaíocht agus an Ghaeilge mar chroílár iontu.
Tá caibideal ar leith dírithe ar an Ghaeilge go háirithe ina pléitear stadas na Gaeilge ó thús an chéid seo chaite agus go leor eile. I measc an mhéid atá le léamh, tá taighde faoi leith i dtaobh stádas na Gaeilge de réir daonáirimh 1901. Staidéar ar bhrí na logainmneacha, focla Gaeilge in úsáid go fóill, focla a bhaineann le cineálacha daoine agus cur síos ar chuid den bhéaloideas a bailíodh i nGaeilge sa cheantar. Tá sliochtanna ó bhailiúchán béaloidis na scoileanna a rinneadh siar sna 1930 aí. Agallaimh le daoine sa pharóiste, alt ar Oíche na Gaoithe Móire agus ar an Ghorta Mhór.
Mar aon leis sin, tá sean-sliochtanna a d’fhoilsigh Conradh na Gaeilge le linn an dara Chogadh domhanda. Ní amháin sin ach tá altanna spéisiúil ag Ciarán Ó Coigligh, Pádraig Ó Luanaigh, Máirtín Ó Fathaigh agus Séamus Ó Grádaigh.
Saothar trí bhliana atá sa leabhar seo a bhí curtha le chéile ag coiste díograiseach a d’oibrigh go dian ó cuireadh tús leis an tionscnamh Lúnasa 2006. Tá beagnach 700 leathanach idir na clúdaigh sa leabhar agus gabhann Gaeilge Locha Riach comhghairdeas leo siúd uile bainte leis an togra. |



|



|
Tábhacht Oidhreachta
Lúnasa '09
Bhí go leor imeachtaí eagraithe ar fud na tíre mar chuid de Sheachtain Oidhreachta agus is cinnte gur tugadh meas nach beag do na gnéithe oidhreachta in Oirthear na Gaillimhe leis.
Bhí comhoibriú idir ‘Gaeilge Locha Riach’ agus Comhar Creidmheasa Naomh Breandáin agus roinnt imeachtaí eagraithe i gcomharsanacht Locha Riach le i rith na seachtaine.
Bhí Oíche Oidhreachta eagraithe le cúrsaí oidhreachta i dtaobh an locha a phlé idir gnéithe timpeallachta, staire agus cultúrtha. Rinneadh ceiliúradh ar oidhreacht an locha idir tréithe stairiúla, cultúrtha, seandalaíocht na háite agus an beatha beo thart timpeall an locha. Tugadh cluas l’éisteacht do na haoíchainteoirí, an Dochtúir Janice Fuller agus Kevin McDonald, seandálaí. Chuir Janice síos ar timpeallacht an locha, idir ainmhíthe, éisc, crainn, plandaí agus feithidí atá ag brath ar fhíoruisce an locha. Thug Kevin léargas speisialta ar chúrsaí seandálaíochta na hÉireann agus béim ar leith léirithe ar chrannóga an locha.
Mar aon leis sin, bhí Siúlóid Sléibhe agus Toraíocht Taisce eagraithe thart ar Sliabh Eachtaí sa Choill Bhreac ar an Domhnach 30 Lúnasa. Bhí Dermot Moran, staraí áitiúil, i gceannas ar an siúlóid seo a stiúradh. Imeacht do theaghlaigh a bhí ann agus tugadh treoir ar an choill agus ar an saibhreas timpeallachta sa choill. Ar ndóigh, bhí sé tabhachtach cluas le héisteacht a thabhairt don treoraí óir, ar an bhealach, bhí ceisteanna le freagairt agus iad uilig bunaithe ar dhúlra na háite. Cinnte, bhí go leor spraoi is sult ag teaghlaigh agus iad ag iarraidh fuascailt na ceisteanna a aimsiú sa choill. Le linn an chraic, bhí siad ag foghlaim is ag cur aithne níos fearr ar dúlra na háite. Cuireadh deochanna agus smailceanna bia ar fáil ina dhiaidh agus bronnadh plaiceanna cuimhniúcháin orthu siúd a d’éirigh na ceisteanna a fhreagairt i gceart. |
Togra ar Logainmneacha
Earrach 2009
Tháinig Gaeilge Locha Riach agus www.aughty.org le chéile le tús a chur le tionscadal ar logainmneacha i gcomharsanacht Shliabh Eachtaí a dhéanamh. Is é an príomhchuspóir ná tuiscint ar logainmneacha an cheantair a shoiléiriú do phobal na háite agus deis a thabhairt do dhaoine aithne níos fearr a chur ar a gcomharsanacht féin.
Cuireadh tús leis na togra seo agus ceardlann ar logainmneacha aitiúla sa Village Inn i gCill Chríost ag deireadh Mhí Feabhra.
Bhí cur i láthair ‘Powerpoint’ ar mhaithe le brí logainmneacha an pharóiste a shoiléiriú agus brí na logainmneacha roinnte faoi théamaí éagsúla; m.s Arda / Uisce / Portaigh / Bailte / Dúlra / Ainmneacha Pearsanta / Suíomhanna Naofa agus araile...
Ina dhiaidh sin, spreagadh plé i ngrúpaí oibre ar bhrí na logainmneacha, ar an dinnsheanchas a bhaintear leo agus rinneadh fiosrúcháin i dtaobh ainmneacha ar pháirceanna, ar oileáin, ar charraigeacha is ar logainmneacha beaga eile atá i mbéal an phobail go fóill.
Gan amhras, bhí tuiscint níos fearr agus suim úr cothaithe sna bailte fearainn de bharr na ceardlainne seo. Tá pleananna anois ag an chumann staire i gCill Chríost tógáil ar an spéis úr seo. Tuigtear dóibh go bhfuil neart féidireachtaí ann leis agus plé eatarthu maidir le leabhairín nó léarscáileanna áitiúla a fhoilsiú bunaithe ar an ábhar bailithe.
Cuirfear fáilte roimh éinne a bhfuil spéis acu san ábhar seo teagmháil a dhéanamh le Gaeilge Locha Riach: 091 870718 nó prua@lochariach.com |


|
 |
Stair an Pharóiste ..Cillíní Díoma
Earrach 2009
Beidh an leabhar seo le foilsiú go luath le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge.
Altanna ar stair, cultúr, spórt, ceol, oidhreacht, nósanna, ginealach, dinnsheanchas, béaloideas, seandálaíocht agus an Ghaeilge. Taighde faoi leith i dtaobh stádas na Gaeilge de réir daonáirimh 1901. Staidéar ar bhrí na logainmneacha, focla Gaeilge in úsáid go fóill, focla a bhaineann le cineálacha daoine agus cur síos ar chuid den bhéaloideas a bailíodh i nGaeilge sa cheantar. Agallaimh le daoine sa pharóiste, alt ar Oíche na Gaoithe Móire agus ar an Ghorta Mhór.
Úsáid bainte as na caipéisí seo a leanas:
- Galway Castles and Owners, J.P. Nolan M.P. 1574
- Book of Survey and Distribution 1636
- Pett’s Map 1683; Larkins Map 1819; Tithe Applotments 1821
- Léarscáil an tSuirbhé Ordanáis 1838; Griffith’s Valuation 1856
- Daonáireamh 1901
- Neart tagairtí eile
|
Carachtair Áitiúla, Tionchar Náisiunta
Na Clocha Beo
Nollaig '08
Tá an leabhar seo arna fhoilsiú ag Gaeilge Locha Riach agus Glór na nGael le cuidiú Chomhairle Contae na Gaillimhe. Tá ábhar an leabhair bunaithe ar shraith léachtanna a reáchtaíodh i mBaile Locha Riach faoin téama ‘Na Clocha Beo’. Rinneadh ceiliúradh ar chlocha cuimhneacháin an bhaile trí léachtanna éagsúla a reachtáil le beocht a chur sna carachtair aitheanta go háitiúil.
Pléann na haistí seo stair agus seanchas Oirdheisceart na Gaillimhe i gcomharsanacht Bhaile Locha Riach ó thréimhse Raiftearaí an File ar aghaidh. Cuirtear síos ar an Fhear Ríbín, Antaine Ó Dálaigh, ar a raibh aithne ag Raiftearaí fosta. Pléitear laetha na hathbheochán ina raibh Mícheál Ó Cíosóg páirteach i mbunú an Chumann Lúthchleas Gael nó is i mBaile Locha Riach a eagraíodh an chéad chruinniú den choiste a bhunaigh an CLG ar dtús. I dtaca an ama céanna, bhí Patsy Tuohy, píobaire, páirteach i gcúrsaí ceoil is a bhain clú agus cáil amach dó féin i Meiricea. Tá léargas ar aimsir achrannach na dtrioblóidí ag tús an 20ú haois agus cur síos ar Shéamas Ó Ceallaigh agus ar an Athair Mícheál Uí Gríofa a maraíodh ag na Dubhchrónaigh i 1920. Mar aon leis an mhéid sin uilig, tá scéalta ar na ceoltóirí Peter is Vincent Broderick agus Paddy Carty a bhain clú agus cáil amach ar fud na hÉireann ó na caogaidí ar aghaidh..
Eoghan Mac Cormaic agus Pádraig Ó Baoill a chur eagar ar an leabhar ach tá an creidmheas ar fad ag dul do na haoi-léachtóirí ina measc Pat Mitchell, Nollaig Ó Muraíle, Míchael Mac Donncha, Seosamh Mac Donncha, Cormac Ó Comhraí agus Séamas Mac Mathúna.
Míníonn an teideal nach bhfuil na scéalta seo teorannta do Iarthar na tíre áfach, nó bhí tionchar ag gach pearsa acu siúd sa leabhar ar chultúr, sochaí agus stair na tíre i mbealaí éagsúla.
B’é Uachtarán nua-tófa Chonradh na Gaeilge Pádraig Mac Fhearghusa a sheol an leabhar ag oíche ceiliúrtha ‘Gradaim Locha Riach’ ar na mallaibh.
|
 |
 |
Ómós don Oidhreacht
Lúnasa 2008
Bhí roinnt imeachtaí eagraithe ar mhaithe le tábhacht oidhreacht Oirthear na Gaillimhe a ardú le deireannas.
Bhí Oíche Oidhreachta eagraithe Déardaoin le cúrsaí oidhreachta a phlé idir gnéithe timpeallachta, staire agus cultúrtha. Tugadh cluas l’éisteacht do na haoíchainteoirí, Tamas Paterváry, seandálaí, an Dochtúir Anita Donaghy, Birdwatch Ireland agus Monica Hynes, Ionad Oidhreachta na Gráige. Thug Tamas léargas speisialta ar thábhacht logainmneacha na háite agus cúrsaí seandálaíochta léirithe chomh maith aige. Chuir Anita síos ar chás an traonaigh in Éirinn agus ar an bhaol go bhfuil sé ag dul in éag in Oirthear na Gaillimhe go hiomlán. Léirigh Monica cúrsaí ginealaíochta an cheantair agus í ag cur síos ar na tograí staire eile idir lámha ag an Ionad Oidhreachta in Oirthear na Gaillimhe.
Bhí Siúlóid Sléibhe eagraithe thart ar Sliabh Eachtaí i gceantar Ghráig na Muilte Iarainn. Dermot Moran, staraí áitiúil, a bhí i gceannas ar an shiúlóid seo a stiúradh agus treoir tugtha aige ar stair, cultúr is nósanna an cheantair leis. Shiúl thart ar dhá scór duine Bealach Sháirséalaigh. I ndiaidh Chath Eachroma, deirtear gur éalaigh cuid den arm le Pádraig Sáirseal, gur stop sé i gCathair na Garraí, i mBallán, gur chuir sé bróga na gcapall droim ar ais agus gur lean siad ar aghaidh trí na Sléibhte Eachtaí ar a mbealach go Luimneach. Chreid na fórsaí eile go raibh siad ag taisteal treo eile. Cleas eile a rinneadh ná gur chuir sé éide airm ar chiorcal cloiche taobh le Baile Locha Riach sa dóigh is gur chried a naimhde go raibh cuid acu ag seasamh an fhóid ansin. Níor lean an siúlóid sléibhe chomh fada le Luimneach ach fuair gach duine léargas bhreá ar an cheantair uile mórthimpeall orthu.
|
 |
Bhí Toraíocht Taisce eagraithe thart ar an bhaile cois locha.
Bhí suas le ceithre fhoireann déag idir óg is aosta páirteach san imeacht seo thart ar bhaile ársa Locha Riach. Bhí go leor spraoi is sult ag teaghlaigh agus iad ag iarraidh fuascailt na ceisteanna i nGaeilge a aimsiú thart ar an bhaile. Le linn an chraic, bhí siad ag foghlaim is ag cur aithne níos fearr ar stair is dúlra an bhaile. Cuireadh deochanna agus smailceanna bia ar fáil sa Comhar Creidmheasa ina dhiaidh agus plaiceanna cuimhniúcháin is boinn bronnta ar na foirne lena d’éirigh na ceisteanna a fhreagairt i gceart.
|
|