Teagmhálaí
gaeilge Locha Riach
English
     
 
Seachtain na Gaeilge

maidir linne
nuacht
le teacht
cumann óige
ranganna
glór na nGael
gnó
campaí samhraidh
seachtain na gaeilge
lé fhéile pádraig
féile Raifteirí
Oidhreacht/ Stair
imeachtaí

   

SnaG 2010
Spraoi i mBaile Locha Riach!
Bhí na Gaeil gnóthach i mBaile Locha Riach arís le linn Sheachtain na Gaeilge agus imeachtaí eagraithe do gach aoisghrúpa.
Bhí Spraoicheist den scoth ag scoláirí náisiúnta agus cúig fhoireann déag tagtha le chéile as cúig bhunscoil ó cheantar Bhaile Locha Riach ag glacadh páirte in imeachtaí an lae 2 Márta; Scoil Bhreandáin Naofa, Scoil Náisiúnta Chillíní Díoma, Scoil Náisiúnta Chill Chríost, Scoil Náisiúnta Naomh Éanna Ballán agus Scoil Íde Naofa.
Caithfidh a rá nach raibh béim curtha ar an chomórtas idir na scoileanna ach bhí craic ag cách leis na ceisteanna uile. Bhí Seán Ó Ceallaigh, Gael Linn, mar fhear a’ tí ar an ócáid ar fad, é ag cur na ceisteanna, ag bronnadh duaiseanna beaga is móra is ag cur filí, amhránaithe, ceoltóirí is rinceoirí i láthair mar chuid den cheolchoirm bheag mar chuid de himeachtaí an lae.
B’iontach go deo an siamsaíocht ar fad a chuir na daltaí ar fáil sular fhógraíodh buaiteoirí an lae: Foireann ó Scoil Íde Naofa, Baile Locha Riach.

Bhí go leor craic ag na déagóirí bailithe ag Cumann Óige Locha Riach agus iad ag cur feabhais ar dhráma atá idir lámha acu i gcomhar leis an chomhlacht dramaíochta, Branar. Mar a tharla, bhí Branar ar chamchuairt ar scoileanna in Oirthear na Gaillimhe agus iad  ag ullmhú le haghaidh Cheolchoirm na n-Óg le linn‘Féile Raifteirí 26-28 Márta’. Ní amháin sin ach bhí Treasa Ní Cheannabháin sa chomharsanacht chomh maith agus ceardlanna amhránaíochta faoina stiúir aici agus scoileanna ag díriú ar an sprioc céanna.
Bhí Spraoi i dTigh na Sí ina raibh páistí ón Naíonra ag léiriú ceolchoirme do phobal na réamhscoile, tuismitheoirí is cairde uile bailithe le chéile.
Bhí na céadta daltaí scoile páirteach sna comórtais ealaíona agus filíochta a bhí ar siúl. Lena chois sin, d’eagraigh scoileanna ceolchoirmeacha, ceilithe, seisiúin agus cainteanna speisialta. Ina measc chuaigh Úna Ní Bhroin, Feirm Órgánach, Plasóg na bhFeá, Béal Átha na Slua ar cuairt chuig scoláirí le hinsint dóibh fá fheirmeacha órgánacha is eile.
Bhí ceolchoirm speisialta le Micheál Ó Suilleabháin eagraithe ag Music Matters ina raibh léargas beacht tugtha ar amhráin ársa na Mumhan le tionlacán ceoil den scoth. Bhí oíche scéalaíochta agus go leor seisiúin eagraithe chomh maith ina raibh meascáin breá stíleanna ceoil is amhráin. Cinnte, tháinig Meaitie Jó Shéamais Ó Fatharta ar cuairt go speisialta le bheith ag seinnt ceoil le Comhaltas Locha Riach.  Caithfidh a rá gur chuireadh béim faoi léith sna Ciorcail Comhrá agus daoine eile ag dul faoi ‘Scrúdaithe Cainte’ le haghaidh ‘Fáinne Ór is Airgid’.

Cuireadh fáilte oifigiúil roimh RITH 2010 agus scoileanna, cumainn spóirt, Comhar Creidmheasa Naomh Breandáin ag glacadh páirte sa rith náisiúnta 1,600 cm ag teacht trí Bhaile Locha Riach
Ghlac go leor den lucht gnó páirt i gComórtas na bhFuinneog agus fógraíodh an buaiteoir Lá Fhéile Pádraig. Agus ‘Bliain Idirnáisiúnta Bithéagsúlachta’ a cheiliúradh i 2010, bhí ‘Ár Nádúr’  roghnaithe mar théama le haghaidh ‘Mórshiúil Fhéile Pádraig’. Cinnte, bhí éagsúlacht breá beatha le feiceáil thart timpeall ar Bhaile Locha Riach agus ceiliúradh déanta ar dhóigheanna éagsúla. Bhí Paidí Ó Lionáird, TG4 go hiontach mar fhear a’ Tí le linn na hócáide chomh maith agus ceiliúradh mór poiblí déanta ag breis is caoga grúpa pobail is gnó.

Seá, is cosúil gur bhain idir óg is aosta an-sult as Seachtain na Gaeilge arís i mBaile Locha Riach.

Treasa sa Scoil

MÓS ar stáitse

Ceilí ag an Ghaelscoil

Spraoi sa Tigh

Caint Órgánach

Sessiún Ceoil

taispeántas damhsa

Clár SnaG

Spraoicheist Ghael Linn

Cuiarteanna scoile

Drámaíocht le Branar

Seachtain na Gaeilge 2009

Imeachtaí go leor i mBaile Locha Riach!

Tuigtear go raibh na Gaeil thar a bheith gnóthach i mBaile Locha Riach le linn Sheachtain na Gaeilge. Cuireadh tús leis na himeachtaí agus Club Leabhar tagtha le chéile le ceiliúradh a dhéanamh ar an bhua iontach ó Ghlór na nGael agus duais € 1,000 de luach leabhair le bailiú acu.
D’éirigh go hiontach leis an Spraoicheist agus ceithre fhoireann déag as cúig bhunscoil ón cheantair ag glacadh páirte. D’eagraigh Comhar Creidmheasa Naomh Breandáin, an ócáid seo i gcomhar le Gael Linn agus bhí deis acu uilig taispeántas a léiriú dóibh siúd bailithe. Bhí idir cheol agus amhránaíocht ó na daltaí sular fógraíodh buaiteoirí an lae: Foireann ó Scoil Náisiúnta Naomh Éanna, Ballán. Gan amhras, scaipeadh go leor duaiseanna ar na daltaí bailithe idir phlaiceanna, hataí is bréagáin bronnta ar gach uile duine a ghlac páirt.
Bhí go leor craic ag na déagóirí bailithe ag Cumann Óige Locha Riach agus iad ag cur feabhais ar chlár raidió atá idir lámha acu i gcomhar le Máirtín Davy Ó Coistealbha ó RTÉ RnaG.
Bhí Maidin Caife agus Spraoi eagraithe ag tuismitheoirí Ghaelscoil Riabhach, agus pobal na scoile tagtha le chéile sa ‘Bhaile Shúgartha’ in Óstán Locha Riach.
Bhí go leor ceoil ar siúl ina raibh ciorcal amhránaíochta ag Otharlann Naomh Breandáin ina raibh sean agus óg ag dul siar ar amhráin bheaga traidisiúnta i gcuideachta a chéile. Bhí Ceolchoirm speisialta eagraithe ag Gaeilge Locha Riach ina raibh na fidléirí Conallacha FIDIL ag seinm. Lean chois sin, bhí oíche scéalaíochta agus go leor seisiúin eagraithe chomh maith ina raibh meascáin breá stíleanna ceoil is amhráin.  Bhí ceolchoirmeacha agus imeachtaí gaelacha eagraithe ag scoileanna náisiúnta an cheantair sa bhreis ar chlár oifigiúil an cheantair.
Thainig slua mór le chéile le Léacht Sheachtain na Gaeilge ar Oidhreacht an Cheoil in Oirthear na Gaillimhe le Máirtín Ó Fathaigh a chloisteáil agus é ag dul siar ar bhóithrín na smaointe is ar stair an cheoil traidisiúnta léirithe aige go héifeachtach.
Bhí cuairteoirí speisialta ar cuid de na scoileanna ina raibh plé ar chúrsaí oibre is ealaíona. Bhí an t-ádh ar mhuintir Locha Riach go raibh Branar ábalta teacht ar ais le ceardlanna drámaíochta agus le seó speisialta ar ‘Na Síoga agus an Gréasaí’.
Bhí Spraoi i dTigh na Sí ina raibh páistí ón Naíonra ag léiriú ceolchoirme do phobal na Gaelscoile agus tuismitheoirí is cairde uile bailithe le chéile.
Mar aon leis sin, tháinig roinnt eagraíochta óga le chéile le Pictiúrlann Ghaelach a chruthú i gcomhar le Leabharlann Locha Riach agus tacaíocht ó Cúla 4.
Seá, bhí gach duine gnóthach agus is cosúil gur bhain cách an-sult as Seachtain na Gaeilge i mBaile Locha Riach.

Seachtain na Gaeilge 2008
Ós rud é gur bliain Oilimpeach í seo, roghnaíodh ‘Spórt agus Spraoi’ mar théama an lae agus léiríodh go soiléir go raibh an téama gaelach á cheiliúradh ag chuile duine agus leaganacha éagsúla den téama céanna sin ar thaispeáint.

Bhí breis agus 30 grúpaí pobail páirteach san iomlán, go leor siamsaíochta curtha ar fáil le linn na hócáide. Choinnigh Paidí Ó Lionaird (TG4), fear a’ tí an lae, na sluaite in ard-iúmar. Bhí ceol iontach ag Comhaltas Ceoltóirí Éireann agus caisleáin súgartha curtha ar fáil do pháistí na háite. Ar ndóigh, chuidigh an aimsir iontach go mór le cúrsaí an lae.

Ós rud é gur mórshiúil do na grúpaí pobail uilig, roghnaíodh duais a bhronnadh ar gach uile grúpa a ghlac páirt. Maise, thiocfadh a rá go raibh an bua ag cách, gur buaiteoirí a bhí i ngach duine.






SnaG faoi lán seol: Baile Locha Riach!

Cuireadh tús spleodrach le Seachtain na Gaeilge 3 Márta agus roinnt imeachtaí speisialta eagraithe don ócáid. Cuireadh tús le Féile Scoildhrámaíochta na Gaillimhe a mheall timpeall 3,000 duine chuig an bhaile i rith na seachtaine.
Tháinig Buíon Ceoil Scoil Íde Naofa le chéile le ceol a bhualadh i gclós na scoile, rud a d’ardaigh croíthe na ndaltaí óga agus é ag cur sneachta ar maidin.


I dtaca an ama céanna, meán lae 3 Márta, bhí Lá na Prátaí ar siúl san Ionad Oideachais Naomh Bhreandáin, áit a tháinig múinteoirí, daltaí, oifigigh agus cairde Choiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe le chéile ar mhaithe le ceiliúradh agus comóradh ar leith a dhéanamh in ómós an phráta agus seo mar bhliain idirnáisiúnta an phlanda. Bhí John Joe Forde ag bualadh ceoil don ocáid, rud a spreag daoine le damhsa a dhéanamh idir damhsaí seit, rince scuaibe is eile. Bhí rannta beaga is blúiríní staire i dtaobh an phráta agus ar ndóigh, bhí deis ag gach uile cuairteoir rogha breá fairsing de phrataí a blaiseadh agus gach béile thar a bheith blasta. Bhí seans ag PríomhFheidhmeannach an Choiste, Seosamh Mac Donncha comhghairdeas a gabháil le lucht eagraithe agus obair an ionad oideachais a threisiú leo.

D’éirigh go hiontach leis an Spraoicheist agus sé fhoireann déag as trí bhunscoil ón cheantair ag glacadh páirte in imeachtaí an lae 5 Márta:  Gaelscoil Riabhach, Scoil Náisiúnta Naomh Éanna Ballán, agus Scoil Íde Naofa. Ní raibh béim curtha ar an chomórtas idir na scoileanna ach bhí craic ag cách leis na ceisteanna uile. D’eagraigh Comhar Creidmheasa Naomh Breandáin, an ócáid seo i gcomhar le Gael Linn agus bhí deis acu uilig taispeántas a léiriú dóibh siúd bailithe.  Stiúraigh Seán Ó Ceallaigh, Gael Linn an ócáid mar fhear a’ tí iontach is bhí idir cheol agus amhránaíocht ó na daltaí sular fógraíodh buaiteoirí an lae: Foireann ó Scoil Náisiúnta Naomh Éanna, Ballán. Gan amhras, scaipeadh go leor duaiseanna ar na daltaí bailithe i plaiceanna, hataí is bréagáin bronnta ar an chéad seacht foireann.


Le linn don spraoicheist a bheith ar siúl bhí Maidin Caife eagraithe ag tuismitheoirí sa bhialann Iodálach ‘La Seranata’ agus deis acu cúpla focal a chleachtadh sa chiorcal comhrá eatarthu.



Bhí go leor craic ag na déagóirí bailithe ag Cumann Óige Locha Riach agus iad ag cur feabhais ar iris atá idir lámha acu is ag imirt cluichí éagsúla. Ní amháin sin ach bhí Club Riabhach gníomhach sa chumann iarscoile a bhí acu fosta.
Tháinig Foghlaimeoirí Fásta Oirthear na Gaillimhe le chéile le Féile Gaelach a cheiliúradh in ionad oideachais s’acusan agus seisiún ceoil is amhránaíocht ar siúl

Bhí ceolchoirm speisialta eagraithe ag Scoil Íde Naofa 7 Márta,rud a thug deis do phobal na scoile uile a bheith páirteach.

D’éirigh go hiontach leis an seisiún ceoil in Áras Naomh Máirtín ag otharlann Naomh Breandáin agus othair is cuairteoirí lán-páirteach sa seisiún amhránaíochta is filíochta.
Tháinig Cleamairí Locha Riach le chéile i gcroílar na gCleamairí i nGráig na Muilte Iarainn Oíche Aoine 7 Márta agus seó speisailta léirithe acu ar Raifteirí an file.

Bhí an comhlacht drámaíochta ‘Branar’ i Scoil Íde Naofa i mBaile Locha Riach Luan agus Máirt 10 + 11 Márta le ‘Aistear Ailbí’ a léiriú. Bhí Ionia Ní Chróinín, Marc Mac Lochlainn, Morgan Cooke agus Máire Greaney thar a bheith gníomhach lena taispeántas draoíchta lán spraoi agus trí sheó léirithe acu san iomlán.